Lorg Domhanda na hÉireann go dtí 2025
Chas an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney le roinnt Airí Rialtais éagsúla chun ‘Éire Dhomhanda – Lorg Domhanda na hÉireann go dtí 2025’ a sheoladh i Meitheamh 2018.
Is é seo tionscnamh an Rialtais raon feidhme agus tionchar lorg domhanda na hÉireann a mhéadú faoi dhó sa tréimhse go dtí 2025.
Cuirfidh an Rialtas raon leathan beart i bhfeidhm nuair a sheolfar Éire Dhomhanda 2025 go foirmiúil, lena n-áirítear:
- Láithreacht ár ngníomhaireachta thaidhleoireachta agus fiontraíochta a mhéadú agus a neartú ar fud na hEorpa
- Ealaín, oidhreacht agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn i measc glúine nua agus luchtanna féachana nua ar fud an domhain
- Ár lorg digiteach a fheabhsú le straitéis ar an gcumarsáid dhomhanda chun feiceálacht na hÉireann a mhéadú, chun feasacht orainn a ardú agus chun cur lenár gcáil;
- Páipéar Bán a fhoilsiú ar Chlár Chúnamh Éireann, ina n-athdhearbhófar ár dtiomantas chun 0.7% dár OIN a chaitheamh ar chúnamh forbartha faoin mbliain 2030;
- Luachanna na hÉireann maidir le síocháin, daonnacht, comhionannas agus ceartas a chur chun cinn, lena n-áirítear ár bhfeachtas toghchánaíochta do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe
- Láithreacht na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá a neartú, lena n-áirítear tionscadal suaitheanta nua ‘Teach na hÉireann’ – mol chun taidhleoireacht, trádáil, gnó agus cultúr a chur chun cinn – a lonnófar in Los Angeles, agus cur lenár bhfeiceálacht in áiteanna eile ar mhór-roinn Mheiriceá
- Cur lenár láithreacht i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, lena n-áirítear tionscadal suaitheanta nua ‘Teach na hÉireann’ a chur ar bonn i dTóiceo
- Ár láithreacht i dTuaisceart agus in Iarthar na hAfraice a neartú, ag aistriú ón mbéim thraidisiúnta a chuireamar ar chúnamh i dtreo comhpháirtíochtaí nua a chruthú
- Ár láithreacht i Réigiún an Mheánoirthir agus na Murascaille a neartú.
Tacóidh Éire Dhomhanda 2025 le hiarrachtaí chun margaidh onnmhairíochta, infheistíocht agus turasóireacht isteach a spreagadh agus a éagsúlú, go háirithe nuair a chuirtear an Breatimeacht i gcrích.
Cinnteofar sa phlean seo go gcuirfear Éire san áit cheart leis na comhaontais riachtanacha a chruthú chun a leasanna a chur chun cinn agus a stádas a chosaint san Aontas Eorpach, i ndiaidh an Bhreatimeachta, fad is a dheimhníonn Éire a caidreamh tábhachtach agus dearfach leis an Ríocht Aontaithe agus a codanna éagsúla amach anseo.
Ag leibhéal domhanda, cuirfear lenár gcumas a bheith inár n-urlabhraithe ar son ár gcuspóirí beartais eachtraigh agus iad a bhaint amach, a bhfuil forbairt idirnáisiúnta, síocháin, dí-armáil agus slándáil i measc na gcuspóirí sin, fad is a neartófar rannpháirtíocht na hÉireann lena diaspóra, a bhfuil 70 milliún duine ann, agus ár gcultúr agus ár n-oidhreacht shaibhir a roinnt a roinnt le luchtanna féachana níos leithne.