Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Crios teorann leis an gColóim
Ná téigh ag taisteal sa réigiún laistigh de 80 km (50 míle) de theorainn na Colóime sna stáit Zulia, Tachira agus Apure. Tá grúpaí sceimhlitheoireachta agus grúpaí armtha mídhleathacha a bhíonn ag plé le támhshuanacha sna stáit sin agus tá baol ard ó thaobh fuadaigh iontu. Seiceáil an Chomhairle Taistil seo go rialta chun eolas a fháil faoin réigiún teorann leis an Cholóim.
Coiriúlacht
Tá leibhéal ard de choiriúlacht thromchúiseach i Veiniséala, agus tá baol coiriúlachta sráide (armtha go minic), an-dona go háirithe i gCaracas agus i gcathracha eile. Ní mór duit na réamhchúraimí seo a leanas a dhéanamh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
- Bí cúramach agus tú ag úsáid cártaí creidmheasa – tá fadhb ollmhór le calaois agus clónáil cártaí creidmheasa
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Ná téigh ag siúl ná ag tiomáint in áiteanna iargúlta agus ná téigh ag siúl leat féin ag aon am, go háirithe san oíche. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
Aerfort
Tá an bóthar idir Caracas agus an aerfort (Maiquetia) an-chontúirteach agus déanann oibreoirí tacsaí bréagacha ag an aerfort mugálacha agus fuadaigh. Déan iarracht gan an bealach seo a thaisteal san oíche, agus go háirithe idir 11pm agus 4am. Ní féidir amanna na dturas a thuar agus ba chóir duit breis ama a thabhairt duit féin chun taisteal chuig agus ón aerfort. Cinntigh go socróidh tú iompar chuig do cheann scríbe deiridh sula sroicheann tú é agus ná bain úsáid ach as tacsaithe ceadúnaithe a bhfuil a n-uimhreacha le feiceáil go soiléir orthu.
Tá an t-aerfort féin in ann a bheith contúirteach. Má dhéanann oifigeach ort a airbheartaíonn gur duine oifigiúil ón aerfort é nó í, fiú má bhíonn siad in éide agus/nó má thaispeánann sé nó sí dintiúirí, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú i bpáirt ghnóthach den aerfort agus, más féidir é, ba chóir duit seiceáil le baill foirne eile an aerfoirt nó na haerlíne gur fíor-oifigigh iad. Tá gadaíocht coitianta san aerfort chomh maith agus ba chóir duit a bheidh airdeallach ó thaobh do ghiuirléidí.
Déanann an Guardia Nacional níos mó seiceálacha drugaí agus slándála randamacha ag an aerfort anois. Ciallaíonn sé sin go gcailleann roinnt paisinéirí a gcuid eitiltí. Má tá tú ag taisteal ar eitilt idirnáisiúnta ó Characas ní mór duit teacht ag an aerfort trí uair an chloig roimh an eitilt, ionas go mbeidh am agat nósanna imeachta slándála a chomhlíonadh.
Barrios
Seachain barrios (slumaí atá plódaithe le daoine), sráideanna na cathrach i gCaracas láir agus ceantar Sabana Grande toisc go bhfuil rátaí an-ard coiriúlachta iontu.
Fuadach
Is fadhb mhór i Veiniséala é fuadach agus d’fhéadfaí go ndíreofaí ar náisiúnaigh choigríche. Ná téigh chuig leithinse Araya agus Paria, a bhfuil leibhéil arda coiriúlachta iontu. Fan i ngrúpa agus fan i réigiúin turasóireachta.
Tá bagairt mhór fuadaigh ann chomh maith le hábhair imní shlándála a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí ag an teorainn leis an Bhrasaíl agus leis an Ghuáin agus tá fórsaí slándála gann sna limistéir sin. Tá méadú ag teacht ar choiriúlacht ar oileán Margarita chomh maith.
Tá baol ard fuadaigh sa réigiún laistigh de 80 km (50 míle) de theorainn na Colóime sná stáit Zulia, Tachira agus Apure ina bhfuil grúpaí sceimhlitheoireachta agus grúpaí armtha mídhleathacha a bhíonn ag plé le támhshuanacha gníomhach.
Bí ar d’aire agus tú ag taisteal i d’aonair, nó ag taisteal istigh sna barrios (slumaí) nó i ngar dóibh, agus nuair atá tú ag úsáid ATManna. Tá méadú ag teacht ar líon na ‘bhfuadach mear’ a tharlaíonn ina bhfuadaítear íospartaigh agus ina gcuirtear iallach orthu airgead a aistarraingt ó ATManna sula scaoiltear saor iad. I roinnt cásanna gortaíodh go dona agus maraíodh daoine a dhiúltaigh comhoibriú le déantóirí na coire.
Léirsithe
Le blianta beaga anuas tá léirsithe, bacainní tráchta agus stailceanna ag tarlú agus tarlaíonn plódú tráchta sa phríomhchathair, in ionaid mhóra ar fud na tire agus ar na príomh-mhórbhealaí. Mar gheall ar nádúr na léirsithe seo nach féidir a thuar agus an seans atá ann go dtarlóidh foréigean ní mór duit a bheith airdeallach, cruinnithe móra agus limistéir phoiblí ina bhféadfadh suaití tarlú a sheachaint agus súil a choinneáil ar fhorbairtí áitiúla.
Go minic is féidir leat fógra a fháil roimh ré sa nuachtán Béarla áitiúil Daily Journal. Tarlaíonn stailceanna náisiúnta ar fhógra gearr, a chuireann isteach ar thaisteal aeir, iompar poiblí agus saoráidí baincéireachta.
Sábháilteacht phearsanta
Ba chóir aird ghéar a thabhairt ar do shlándáil phearsanta i gcónaí, coinnigh súil ar na meáin agus seiceáil an Chomhairle Taistil go rialta chun eolas a fháil maidir le rioscaí sábháilteachta nó slándála nua a d’fhéadfadh tarlú. Ná dean iarracht dul thar imshuí, fiú má tá an chosúlacht air nach bhfuil aon duine i bhfeighil air. D’fhéadfadh cuirfiúnna a bheith i bhfeidhm chomh maith.
Sceimhlitheoireacht
Tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i Veiniséala, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.
Ábhar Meiscigh
Déantar taistealaithe a robáil agus a ionsaí i ndiaidh dóibh glacadh le bia nó deoch spíceáilte. Bí ar an airdeall agus tú ag glacadh le paimfléid mar tuairiscítear go ndéantar ionsaithe agus robálacha nuair a dháiltear paimfléid a bhfuil substaintí orthu a théann tríd an craiceann agus a chuireann an t-íobartach ar meisce.
Pasanna caillte nó goidte
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfá a bheith ag fanacht coicís ar cheann nua. Coinnigh do cháipéisí taistil slán i gcónaí. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má tá tú in ann cóip den cheann caillte nó goidte a sholáthar. Mar sin coinnigh fótachóipeanna de do phas.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Veiniséala, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an gConsalacht Oinigh i gCaracas nó Ambasáid i mBuenos Aires má tá cúnamh ag teastáil uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Veiniséala, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá dochar déanta do bhóithre mar gheall ar bháisteach throm agus tá droch-choinníollacha ann go fóill. Ná téigh ag tiomáint san oíche nó in áiteanna iargúlta. Tá goid carranna ina fhadhb i rith an lae agus i rith na hoíche.
Más mian leat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Veiniséala, mar shampla luasteorainneachas
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Tacsaithe
Agus tú ag taisteal i dtacsaithe i gCaracas nó i mbailte nó cathracha eile, bain úsáid as tacsaithe atá curtha in áirithe roimh ré seachas iad a stopadh sa tsráid. Bíonn uimhirphlátaí buí ag tacsaithe oifigiúla. Cuireann na hóstáin tacsaí ó chuideachtaí creidiúnacha ar fáil de ghnáth nó soláthraíonn siad a seirbhísí limisín féin.