Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Sceimhlitheoireacht
Tá baol ionsaithe sceimhlitheoireachta i Neipeal, go háirithe i gceantair a mheallann easaoránaigh agus taistealaithe eachtrannacha. Leanann eachtraí aonaracha d’ionsaithe buamála (gairis phléascacha sheiftithe bheaga), lámhach agus foréigean polaitiúil i gcónaí ar fud Nicearagua lena n-áirítear Kathmandu. Ba chóir a bheith aireach in áiteanna poiblí agus comhairle áitiúil a fháil.
In Aibreán 2012, phléasc buama le linn agóide polaitiúla i Janakpur, in oirdheisceart Neipeal, in ar maraíodh ceathrar.
Phléasc buama ag an mbealach isteach go dtí an Nepal Oil Corporation (NOC) iKathmandui bhFeabhra 2012, gar d’oifigí na Cúirte Uachtaraí, an Phríomh-Aire agus ranna eile rialtais. Tuairiscítear gur maraíodh triúr agus gur gortaíodh seachtar.
Pléascadh ceithre ghaireas phléascach i Márta 2011 ar bhusanna poiblí i réigiún Terai inar maraíodh duine amháin agus ar bhain gortú do 44.
Coiriúlacht
Bíonn saoire saor ó thrioblóid ag formhór na gcuairteoirí go Neipeal. Tá coireanna mar ionsaí agus gadaíocht i leith eachtrannach áfach, ag dul i méid i gcónaí i Kathmandú agus ar fud na tíre. Ba chóir réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Cuimhnigh ar airgead a mhalartú i mbainc agus in óstáin amháin
Pas Caillte
Má chailleann tú do phas i Neipeal, féadfaidh formhór na dtaistealaithe doiciméad taistil éigeandála a fháil a thabharfaidh cead dóibh filleadh ar Éirinn. Mura gcónaíonn tú in Éirinn, beidh ort cur isteach ar phas éigeandála ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua. D’fhéadfadh 7 go 10 lá a bheith i gceist chun sin a eagrú. Má chailleann tú do phas i Neipeal, beidh ort víosa fágála a fháil agus d’fhéadfadh roinnt ama a bheith i gceist leis sin.
Mionghadaíocht
Tá peasghadaíocht agus málasciobadh coitianta go maith iKathmandu, go háirithe i gceantair thurasóireachta.
Coiriúlacht thromchúiseach
Díríonn coirpigh ar aerfoirt, ar bhusanna agus ar sheomraí in óstáin agus tá líon na málaí a sciobann daoine ar rothair ghluaiste, go háirithe i gceantair atá réasúnta ciúin i nGleannKathmandu, ag dul i méid. Tá tuairiscí faoi eachtrannaigh a gortaíodh le linn na n-eachtraí seo ag dul i méid freisin.
Is minic go dtarlaíonn ionsaithe agus robálaithe tráthnóna i gceantair nach bhfuil mórán soilse iontu. Ba chóir a bheith an-aireach istoíche.
Camscéimeanna turasóireachta
Ba chóir a bheith aireach ag dul isteach i ‘dtábhairní damhsa’ mar gur ciapadh agus gur imríodh caimiléireacht ar eachtrannaigh i roinnt de na háiteanna seo, Bí aireach i gcónaí agus deochanna á nglacadh ó strainséirí, agus ná fág do dheochanna gan duine ina mbun.
Coir a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Neipeal, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é nó do Phóiliní na dTurasóirí i Kathmandu ag (+377) (0)1 4700750 nó do cheanncheathrú Phóilíní na dTurasóirí ag (+377) (0)1 4247041. Agus féadfaidh tú dul i dteagmháil linn ag Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua má bhíonn cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat tiomáint agus tú i Neipeal, ba chóir duit a bheith an- chúramach. Tiomáineann an trácht ar thaobh na láimhe clé, mar a dhéantar in Éirinn, ach tá riosca ag baint le taisteal ar na bóithre go ginearálta. Lean na treoirlínte bunúsacha seo:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta leat chomh maith. Má fhanann tú níos faide ná 15 lá caithfidh tú cur isteach ar cheadúnas áitiúil.
- Bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat.
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort má bheirtear ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Neipeal
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Sábháilteacht ar bhóithre
Tá an caighdeán tiomána go dona ar an iomlán ar fud na tíre agus é rialáilte go dona. Bíonn brú tráchta ar na bóithre i Kathmandu, tá cuid mhór tiománaithe ann nach bhfuil ceadúnas ceart acu, ná oiliúint ná árachas agus ní dhéantar na feithiclí a chothabháil go maith. Is beag cosán atá ann lasmuigh de lárKathmanduagus ní ghéilleann gluaisteánaithe ceart slí do choisithe.
I rith séasúir an mhonsúin (Meitheamh go Meán Fómhair) bíonn cuid mhaith bóithre lasmuigh de ghleann Kathmandu tugtha do sciorrthaí talún agus bíonn siad dothrasnaithe.
Iompar poiblí
Tá taisteal ar bhus an-dainséarach agus is minic go dtarlaíonn tionóiscí marfacha. Seachain an taisteal ar bhusanna thar oíche.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Sábháilteacht aeir
Féadfaidh taisteal aeir intíre i Neipeal a bheith dainséarach mar gheall ar nádúr sléibhtiúil na tíre, bealaí isteach deacra ar aerstráicí agus aimsir shléibhe nach féidir a thuar. Bhí roinnt tionóiscí marfacha i Neipeal le blianta beaga anuas a raibh aerlínte intíre bainteach leo.
In 2012, thuairteáil eitilt le Agni Air a raibh 21 paisinéir ar bord gar d’Aerfort Jomson i dtuaisceart Neipeal. Maraíodh 15 duine.
In 2011, thuairteáil eitilt fámaireachta Shliabh Everest de chuid Buddha Air i gceantar Lalitpur, ó dheas deKathmandu. Fuair 19 duine bás sa tionóisc. Tharla tionóiscí dá leithéid in 2010 agus in 2008 freisin.
Seiceáil cúrsaí aimsire sula dtaistealaíonn tú le haerlínte intíre. Féadfaidh drochaimsir riosca a mhéadú agus cur le moilleanna fada. In 2011, bhí aerfort Lukla (an pointe rochtana do cheantar Shliabh Everest/Khumbu)as feidhm ar feadh seachtaine de bharr drochaimsire, rud a d’fhág cuid mhaith turasóirí ar an trá fholamh agus gan iad ábalta an nasc ar aghaidh a bhaint amach.
Tá eolas ar shábháilteacht aerlíntí domhanda ar fáil ó iniúchadh ar mhaoirseacht sábháilteachta eitlíochta de chuid an International Civil Aviation Organisation agus ó líonra Aviation Safety.
Fálróid
Cumarsáid
Baineann taisteal go ceantair iargúlta go minic leis an bhfálróid i Neipeal, áit a bhfuil seirbhísí teileafóin agus idirlín an-teoranta ar fad. Is minic go dtógann sé cúpla lá níos mó ná mar a bhítear ag súil leis chun na fálróidí seo a dhéanamh agus bíonn gaolta agus cairde imníoch nuair nach bhfaigheann siad scéala ó fhálródaí nuair a bhíonn coinne leis.
Árachas
Má tá sé i gceist agat fálróid a dhéanamh i Neipeal tá sé thar a bheith tábhachtach go gclúdaíonn d’árachas tú don airde a bhfuil tú ceaptha siúl inti.
Treoraithe
Bain úsáid i gcónaí as cuideachta fálróide chreidiúnach mar go bhfuil roinnt treoraithe bradacha ann a robáil lucht fálróide más fíor. Fostaigh treoraí agus cinntigh go bhfuil do threoraí fálróide nó an chuideachta cláraithe le Trekking Agency Association of Nepal, agus go bhfuil siad tar éis d’fhálróidse a chlárú le Córas Bainistithe Eolais Fálródaithe.
Moltar duit go láidir fanacht ar bhealaí seanbhunaithe, agus siúl i ngrúpaí. Ná téigh ag siúl leat féin agus seachain nach scarfar ó do ghrúpa tú.
Cúrsaí taistil
Tabhair cóip de do chúrsa taistil do chara agus/nó do dhuine den teaghlach agus d’Ambasáid na hÉireann i nDeilí Nua freisin. Ná himigh ón gcúrsa taistil sceidealaithe gan chara/ball den teaghlach a chur ar an eolas maidir le do phleananna nua. Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi chomharthaí na géar-míbhaile airde (AMS).
Sábháilteacht
Bhí tuairiscí ann gur robáladh lucht fálróide. Tuairiscíodh teagmhais aonaracha éignithe freisin ar bhealaí siúlóide agus ba chóir do thaistealaithe mná ach go háirithe a bheith aireach.