Stádas Slándála
Ná Taistil
Foláireamh Taistil is Déanaí
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha (RGE) ag moladh gan taisteal ar bith a dhéanamh go Cónaidhm na Rúise go dtí go bhfaighfear fógra eile.
Moltar do shaoránaigh Éireannacha atá sa Rúis machnamh cúramach a dhéanamh ar ghá a bhfanachta leantaí sa Rúis. Molann Ambasáid na hÉireann i Moscó go láidir do na saoránaigh Éireannacha ar fad pleananna a bheith i bhfeidhm acu maidir leis an Rúis a fhágáil, sa chás go dtéann a gcúinsí féin in olcas. De bharr laghduithe foirne a tharla mar thoradh ar Dhíbirtí Taidhleoireachta a d’ordaigh Rialtas na Rúise, tá níos lú acmhainní ag an Ambasáid chun cabhrú i gcás géarchéime. Níor cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith ag brath ar an bhféidearthacht go ndéanfar aslonnú eagraithe i gcás géarchéime, agus ba cheart go mbeadh a gcuid pleananna imeachta féin i bhfeidhm acu ina ionad sin.
Tá eolas ar roghanna reatha maidir le himeacht ón Rúis thíos. Molann an Ambasáid go láidir do Shaoránaigh Éireannacha taighde a dhéanamh ar a gcuid roghanna maidir le himeacht, trí aerbhealach ón Rúis agus trí phointe trasnaithe teorann talún le stáit máguaird an AE araon. Aithníonn an Ambasáid gur féidir, de réir mar a éiríonn an cás sa Rúis níos míshocra, le haerbhealaigh a bheith díolta amach go gasta nó go bhféadfaidh sé tarlú nach mbeidh siad ar fáil.
Moltar go láidir do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Rúis clárú leis an Ambasáid, mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin, ar Shaoráid Cláraithe Saoránach na Roinne. Seo an bealach a ndéanann an Ambasáid teagmháil le pobal na hÉireann le heolas agus nuashonruithe a roinnt.
Oibriúcháin na hAmbasáide
Cé go bhfuil na gnáthuaireanta oibriúcháin i gceist in oifig na Víosaí agus san Ambasáid, ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi mhoilleanna suntasacha ar phróiseáil cháipéisíochta, pasanna san áireamh. Is amhlaidh atá an scéal mar thoradh ar laghdú ar an bhfoireann san Ambasáid chomh maith le deacrachtaí leantacha maidir le post agus seachadadh idirnáisiúnta.
Ba cheart do shaoránaigh cumas laghdaithe na hAmbasáide maidir le tacaíocht a chur ar fáil i gcásanna géarchéime a choimeád i gcuimhne freisin, go háirithe i gcás saoránach atá lonnaithe i bhfad ó Mhoscó.
Má tá ceist agat nó má theastaíonn uait coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil leis an Ambasáid le do thoil trí ríomhphost a chur chuig irishembassymoscow@dfa.ie
Smachtbhannaí an AE agus Tionchair ar Ghnó
Ó rinneadh ionradh ar an Úcráin i Feabhra 2022, tá na bearta sriantacha (smachtbhannaí) is fairsinge ina stair curtha i bhfeidhm ag an AE. Áirítear i measc na smachtbhannaí seo bearta a dhíríonn ar earnálacha faoi leith, lena n-áirítear earnálacha an airgeadais, an fhuinnimh, na teicneolaíochta, na cosanta, na meán agus an iompair, chomh maith le bearta aonair a dhíríonn ar dhaoine agus eintitis ainmnithe. Tá bearta sriantacha an AE ceangailteach ó thaobh dlí de ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile in Éirinn agus san AE. Tá éifeacht dhíreach ag Rialacháin Chomhairle an AE, rud a chiallaíonn nach mór iad a chomhlíonadh ar an gcaoi chéanna le reachtaíocht inmheánach na hÉireann. Is cion coiriúil é in Éirinn smachtbhannaí an AE a shárú.
Ba cheart do gach duine agus eintiteas atá ag cuimhneamh ar ghnó a dhéanamh le heintitis Rúiseacha nó ar thaisteal chun na Rúise a chinntiú nach sáraíonn a gcuid gníomhaíochtaí smachtbhannaí an AE, na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm ó Fheabhra 2022 ar aghaidh san áireamh. Tá eolas mionsonraithe maidir le smachtbhannaí de bharr an cháis san Úcráin ar fáil anseo. Tá eolas ar Mhapa Smachtbhannaí an AE maidir leis na córais smachtbhannaí AE uile atá i bhfeidhm, chomh maith le liostaí de na pearsana aonair agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí faoi gach Córas, agus naisc chuig na gníomhartha dlí AE do gach Córas. Tá liosta comhdhlúite de dhaoine, grúpaí agus eintitis faoi réir smachtbhannaí airgeadais AE ar fáil anseo.
Olltionóil agus Coinneáil Threallach
Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith airdeallach faoina sábháilteacht féin agus olltionóil, lena n-áirítear agóidí agus léirsithe, a sheachaint. Tabhair faoi deara freisin le do thoil go bhféadtar dlíthe nua a bhaineann le saoirse na meán a úsáid chun pianbhreitheanna diana agus treallacha suas le 15 bliana sa phríosún a ghearradh. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a bheith aireach go n-áirítear leis seo ábhar neamhcheadaithe a phostáil nó a roinnt ar na meáin shóisialta.
Srianta Baincéireachta sa Rúis
Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha sa Rúis a bheith aireach go bhféadfaidh na teorainneacha tromchúiseacha ar bhaincéireacht atá ag dul i ndéine de réir a chéile, lena n-áirítear tarraingt siar seirbhísí Visa agus Mastercard, tionchar díreach a bheith acu ar a gcumas rochtain a fháil ar a gcuid airgid go ceann tamaill. Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil an cinneadh déanta acu taisteal chun na Rúise a chinntiú go bhfuil a ndóthain airgid acu dá bhfanacht agus do chásanna éigeandála mura bhfuil foinse airgid acu laistigh den Rúis.
Bealaí Iompair Amach as an Rúis
Tá aerbhealaí díreacha chuig an AE thar a bheith teoranta más ann dóibh. Moltar do shaoránaigh a dteastaíonn uathu filleadh ar Éirinn eitiltí a théann trí Iostanbúl, Dubai, nó Abú Daibí a chur in áirithe.
Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé i gceist acu taisteal chun na hÉireann trí na tíortha seo féachaint ar Chomhairle Taistil na Roinne ar dtús:
An Tuirc
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
Ar an drochuair, ní féidir a thuar cathain a chuirfear eitiltí díreacha go dtí tíortha an AE ar bun arís.
Tá roghanna ann freisin maidir le himeacht thar tír ó Chónaidhm na Rúise.
Tá an Roinn ar an eolas faoi bhealach bus ó Chathair Pheadair go Tallinn na hEastóine a bhféadfadh saoránaigh Éireannacha spéis a léiriú ann. Is féidir eolas ar an mbealach seo a fháil anseo.
Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé i gceist acu teacht thar tír chuig tíortha máguaird an AE féachaint ar an gcomhairle taistil a bhaineann leis na tíortha sin sula gcuireann siad ticéid in áirithe (anseo) agus a chinntiú go gcloíonn siad leis na riachtanais iontrála maidir le COVID-19.
Saoránaigh san Úcráin
Más náisiúnach Éireannach thú atá san Úcráin, cláraigh do chuid sonraí anseo le do thoil agus coinnigh súil ar an gcomhairle taistil, a dhéantar a uasdátú go rialta:
An Úcráin
Taisteal go Cónaidhm na Rúise
Rinne Rialtas na Rúise bearta coisctheacha agus srianta ar thaisteal a thabhairt isteach d’fhonn leathadh COVID-19 a laghdú laistigh dá cuid teorainneacha. Déantar na bearta seo a uasdátú go rialta agus féadfaidh siad athrú ar gearrfhógra. Molann muid do na paisinéirí isteach ar fad seiceáil go rialta lena ngníomhaire taistil agus/nó aerlíne, agus suíomh gréasáin Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath a sheiceáil le cinntiú go bhfuil an t-eolas is cothrom le dáta acu.
Éilítear ar gach saoránach eachtrach a thagann isteach sa Rúis faoi láthair (paisinéirí idirthurais san áireamh) teastas leighis a chur ar fáil lena léirítear toradh diúltach le haghaidh COVID-19 laistigh den 48 uair an chloig roimhe sin. Ní foláir nó gur tástáil PCR atá sa tástáil agus ní foláir nó go bhfuil an deimhniú i mBéarla nó i Rúisis agus an t-am agus an dáta ar a ndearnadh an tástáil le feiceáil go soiléir air. Éilítear ar shaoránaigh eachtracha foirm aimsithe paisinéara speisialta a chomhlánú freisin le linn na heitilte chun na Rúise mar choinníoll iontrála. Féadfaidh sé tarlú go n-iarrfar ar shaoránaigh eachtracha tástáil randamach COVID-19 a dhéanamh san aerfort ar theacht isteach sa Rúis dóibh.
Comhairle Taistil Ghinearálta
Tugtar comhairle do shaoránaigh Éireannacha a bheidh ag taisteal chun na Rúise cloí le bailíocht víosa na Rúise dá gcuid. Má fhanann tú fiú cúpla uair an chloig níos faide ná mar atá údaraithe sa víosa d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ina dtoradh air sin agus d’fhéadfaí thú a thabhairt os comhair cúirte, agus fíneáil agus smachtbhanna taistil de suas le cúig bliana a ghearradh ort.
Tugadh córas ríomh-víosa gearrchuairte (8 lá ar a mhéad) isteach do náisiúnaigh ó 53 thír, Éire san áireamh, ar mian leo taisteal chuig Cathair Pheadair agus an réigiún máguaird https://electronic-visa.kdmid.ru/spb_home_en.html. Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a thabhairt faoi deara nach bhfuil na víosaí sin bailí ach le haghaidh taistil chuig réigiún Chathair Pheadair (Leningrad Oblast) agus laistigh de agus nach bhfuil siad bailí le haghaidh taistil chuig an chuid eile den Rúis.
Tugadh córas víosaí leictreonacha cosúil leis isteach do réigiún Kaliningrad http://electronic-visa.kdmid.ru/klgd_home_en.html.
Féadfaidh cur chuige ginearálta Rialtas na Rúise maidir le COVID-19 a chosc tionchar a imirt ar na cláir bhreise víosa seo.
Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha a chinntiú go dtagann an t-ainm ar a víosa go díreach leis an ainm ar a bpas. Diúltófar iontráil chun na Rúise mar thoradh fiú ar dhifear beag sa litriú. Ní bheidh an Ambasáid in ann aon chúnamh a sholáthar i gcásanna mar sin.
Féach Comhairle Taistil na Roinne chun eolas a fháil maidir leis an Úcráin. Molann an Ambasáid go láidir gan aon taisteal a dhéanamh chuig na réigiúin a roinneann teorainn leis an Úcráin, de bharr na coinbhleachta gníomhaí.
Mar gheall ar an gcás míshocair sa réigiún Chugais Thuaidh, molaimid go láidir in aghaidh taistil chun na Seisnia, chun na hIongúiséite, chun na Dagastáine agus chuig ceantair thoir agus theas Stavropol Krai a bhfuil teorainneacha acu leis an tSeisnia agus leis an Dagastáin, agus réigiúin Budyonnovsky, Levkumsky, Neftekumsky, Stepnovsky agus Kursky san áireamh.
Molaimid freisin in aghaidh taisteal neamhriachtanach ar bith chun na hOiséite Thuaidh, chuig réigiún Caraicíoch-an tSiorcás agus chun na Cabairdín-Bhalcáire (agus réigiún Elbrus san áireamh). Tá sceimhlitheoireacht agus fuadach ina rioscaí sna limistéir sin.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gCónaidhm na Ruise trí scairt a chur ar 112.
Ba cheart d’aon saoránaigh Éireannacha a chónaíonn in Éirinn de ghnáth agus atá ag iarraidh cúnaimh maidir le taisteal abhaile teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid.
Moltar do shaoránaigh Éireannacha a chónaíonn sa Rúis clárú leis an ambasáid, mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin, ar shaoráid cláraithe taistil na Roinne.