Ar an Luan 24 Feabhra, 2014 tharla dhá phléasc bheaga i Stone Town, Sainsibeár. Tharla ceann acu lasmuigh den Eaglais Anglacánach i Stone Town, agus an ceann eile taobh istigh de bheár agus bialann ar imeall an uisce a bhfuil tóir air (Mercury’s). Níor tuairiscíodh gur gortaíodh aon duine.
Moltar do shaoránaigh Éireannacha a bheith ar an airdeall in áiteanna poiblí agus a bheith feasach ar a gcomharsanacht.
Ar an 5 Eanáir 2014, bhuail tonnta móra an bád farantóireachta a bhí ag taisteal go Sainsibeár ó Pemba agus cuireadh roinnt paisinéirí agus lastais thar bord á bharr. Tuairiscítear go bhfuil seisear maraithe. Le blianta beaga anuas, tá dhá thubaiste mhóra farantóireachta tarlaithe amach ó chósta Shainsibeár inár maraíodh na céadta daoine.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag tabhairt comhairle láidir do gach saoránach a bheith fíor-aireach agus iad ag taisteal ar bháid farantóireachta chuig oileáin amach ón gcósta mar go mbíonn róphlódú paisinéirí agus lastais an-choitianta ar na báid farantóireachta.
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl
Tá an staid pholaitiúil sa Tansáin réasúnta cobhsaí ach tá baol ann go dtarlóidh gníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus corraíl shibhialta in Oirthear na hAfraice lena n-áirítear ar mhórthír na Tansáine agus oileáin Shainsibeár. Le blianta beaga anuas, tharla círéibeacha áitiúla i Stone Town agus na ceantair mháguaird ar oileán Sainsibéar agus i Dar-es-Salaam i ndiaidh corraíola polaitiúla. Tharla suaitheadh foréigneach i Mtwara i mí na Bealtaine 2013 agus pléascthaí in Arusha, agus maraíodh saoránaigh de chuid na Tansáine dá mbarr.
Cé nach bhfuil na léirsithe foréigneacha dírithe ar thurasóirí, ní mór sluaite móra daoine a bhíonn bailithe le chéile agus léirsithe polaitiúla a sheachaint i Sainsibeár agus ar an mórthír. Má chloiseann tú go bhfuil foréigean in aice láimhe ba chóir duit an ceantar a sheachaint agus cuir tú féin ar an eolas ar an méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó le do thionscnóir turas.
Coiriúlacht
Bíonn formhór cuairteanna ar an Tansáin saor ó thrioblóid ach tá méadú ag teacht ar choiriúlacht armtha agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat
- Ná bí i do thargaid sofheicthe do shladionsaitheoirí agus peasghadaíochta – fág airgead breise agus seodra a bhfuil cuma luachmhar orthu in áit sábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
- Seachain a bheith ag siúl i do aonair, go háirithe in áiteanna iargúlta agus ar thránna agus go háirithe tar éis thitim na hoíche.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
- Bí ar an airdeall don bhaol atá ann ó thaobh gadaíocht maoine pearsanta ó ghluaisteáin agus ó thacsaithe atá stoptha sa trácht
Mionchoiriúlacht agus coiriúlacht fhoréigneach
Tá ardú tagtha ar an ráta mugála, goidte málaí ó ghluaisteáin a bhíonn ag gabháil ar an mbóthar, agus robála lena n-áirítear aistarraingtí ATM éigeantais, a mbíonn foréigean nó bagairt foréigin ag dul leis go minic, ar fud na Tansáine agus Sainsibeáir, go háirithe in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí mála droma agus easaoránaigh.
I mí Lúnasa 2013 rinneadh ionsaithe aigéid ar bheirt bhan as an mBreatain i Stone Town, Sainsibéar, agus bhí an bhunchúis doiléir. Tuairiscíodh go bhfuil méadú ag teacht ar choireacht fhoréigneach i gceantar Kigamboni in Dar-es-Salamm, mar sin bí an-chúramach agus seachain an áit go hiomlán tar éis thitim na hoíche.
Tacsaithe
Cuir tacsaithe in áirithe trí dheasc fáiltithe d’óstáin, nó déan socrú iompair roimh ré má tá tú ag teacht ar do cheann scribe go déanach san oíche.
Ná stop tacsaí sa tsráid agus ná úsáid tacsaithe neamhcheadúnaithe. Fiú má bhíonn an cuma air go bhfuil sé ceadúnaithe ní mór duit a bheith cúramach, agus ná téigh isteach i dtacsaí in aon chor má bhíonn aon duine eile seachas an tiománaí sa bhfeithicil.
Calaois Cárta Creidmheasa
Tá méadú ag teacht ar Chalaois cárta creidmheasa. Goidtear cártaí creidmheasa agus tarlaíonn eachtraí clónála ar leithlis (ar a dtugtar scimeáil chomh maith). Agus tú ag íoc le cárta creidmheasa, ná lig as do radharc é. Coinnigh do chártaí sábháilte agus ná bíodh d’uimhreacha aitheantais pearsanta ar eolas ag aon duine.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Tansáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.
Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cúnamh ag teastáil uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Tansáin ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá drochbhail ar na bóithre, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic agus is minic go dtarlaíonn siad mar gheall ar dhroch-chaighdeán tiomána, feithiclí gan chothabháil agus soilsiú neamhdhóthanach.
Más mian leat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Tansáine, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Báid farantóireachta
Má tá tú ag taisteal ar bhád farantóireachta paisinéirí idir Dar-es-Salaam agus oileáin Shainsibeár, nó chuig ceann de lochanna na Tansáine, ná bain úsáid ach as comhlachtaí farantóireachta creidiúnacha amháin. Má bhíonn aon imní ort maidir le muiracmhainneacht an tsoithigh nó má mheasann tú go an iomarca daoine air, téigh amach as láithreach.
Tharla dhá thubaiste le báid farantóireachta paisinéirí amach ó chósta Shainsibeár, i mí Mheán Fómhair 2011 agus i mí Iúil 2012, inar maraíodh go leor daoine, lena n-áirítear turasóirí eachtracha. Sa dá chás tuairiscíodh go raibh i bhfad an iomarca daoine ar na báid farantóireachta.
Campáil
Bíonn móréileamh ag turasóirí ar pháirceanna náisiúnta na Tansáine. Agus tú ag campáil, ná bain úsáid ach as láithreáin oifigiúla amháin. Déan cinnte go bhfuil an trealamh cuí agat agus faigh comhairle ó mhuintir na háite agus tú ag dul isteach i gceantair iargúlta.
Ní mórán eolas a bhíonn le fáil maidir le bheith ag taisteal i gceantair atá scoite amach ó áiteanna a gcruinníonn eachtrannaigh. Moltar duit treoirleabhar taistil cothrom le data a cheannach agus gan úsáid a bhaint ach amháin as cuideachtaí turas iontaofa.