Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl shibhialta
Tá cúrsaí slándála sa Táidsíceastáin cobhsaí faoi láthair. Ach, ba chóir duit a bheith ar an airdeall mar sin féin in áiteanna poiblí agus maidir le haon fhógraí ó na póilíní maidir le slándáil.
Moltar go láidir gan taisteal in aon chor chuig réigiún Gorno-Badakhshan, lena n-áirítear cathair Khorog. Tá réigiún Gorno-Badakhshan suite tuairim is 500km soir ó dheas de Dushanbe, príomhchathair na Táidsíceastáine. There are ongoing clashes between the security forces and militants in this area, and the security of foreign nationals cannot be guaranteed.
Moltar go láidir freisin gan taisteal in aon chor chuig Fothar Kamarob i réigiún Rasht.
Tá eachtraí armtha ar leanúint idir fórsaí teorann agus gáinneálaithe drugaí feadh teorainn na hAfganastáine. D'fhéadfadh tíortha comharsanachta teorainneacha a dhúnadh go haontaobhach ar bhonn sealadach.
Léirsithe
Ba chóir duit aon léirsithe ná tionóil mhóra daoine a sheachaint. Má fhaigheann tú eolas faoi aon fhoréigean i ngar duit, fág an áit láithreach. Coinnigh tú féin ar an eolas maidir le forbairtí trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus bí ar an airdeall.
Sceimhlitheoireacht
Tá baol leanúnach ó sceimhlitheoireacht sa Táidsíceastáin chomh maith le tíortha eile san Áise Láir. Bí ar an airdeall in áiteanna poiblí agus bí ag faire amach d’aon fhógraí slándála ó na póilíní. Tá ionsaithe neamh-idirdhealaithe déanta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.
Fuadach
D’fhéadfadh náisiúnaigh eachtracha a bheith ina dtargaidí fuadaigh ionchais sa Táidsíceastáin, dá bhrí sin lean na réamhchúraim bhunúsacha seo:
- Faigh comhairle ó do theagmhálacha áitiúla maidir le coinneáil sábháilte
- Seachain taisteal san oíche, go háirithe idir chathracha
- Seachain taisteal asat féin
- Déan cinnte go bhfuil doirse uile an chairr faoi ghlas agus tú ag tiomáint
- Athraigh na bealaí a thógann tú agus na hamanna a fhágann tú – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
Tabhair aird ghéar ar na meáin áitiúla do thuairiscí ar ghníomhaíochtaí fuadaigh
Mianaigh talún
Ná himigh den bhóthar in gceantair atá díreach le hais teorainneacha na hAfganastáine, na hÚisbéiceastáine agus na Cirgeastáine, mar go bhfuil loig mhianach marcáilte agus neamh-mharcáilte araon iontu. Faigh comhairle áitiúil i réigiún Tavildara i lár na Táidsíceastáine mar go bhfuil cúpla log mianach sna sléibhte ó aimsir an chogaidh cathartha.
Idirchaidreamh áitiúil
Níl infreastruchtúr turasóireachta forbartha fós sa Táidsíceastáin, agus dá bhrí sin ba chóir duit socrú a dhéanamh le gnólacht áitiúil fhreagrach, NGO, eagraíocht turasóireachta nó eile casadh leat nuair a bhainfidh tú an áit amach agus a bheith mar threoraí agat.
Coiriúlacht
Tarlaíonn mugáil agus mionchoiriúlacht in aghaidh eachtrannach uaireanta, ach tá Dushanbe, príomhchathair na Táidsíceastáine réasúnta sábháilte agus is beag fianaise atá ann maidir le coiriúlacht dírithe ar eachtrannaigh ar fud na tíre. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí mar sin féin:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
- Ná fág deochanna gan duine ina mbun i mbeáir ná i mbialanna áitiúla agus ná glac le deochanna ó strainséirí
- Níor chóir do chuairteoirí aonair ach go háirithe, síob a ghlacadh ó strainséirí
Taistealaithe mná
Ba chóir do mhná aonair seachaint dul amach astu féin san oíche i gceantair thuaithe, agus d’fhéadfaí iad a chiapadh fiú i rith an lae.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Táidsíceastáin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Moscó má tá cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Táidsíceastáin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Ní dhéantar bóithre lasmuigh de na príomhbhailte a chothabháil go maith agus is minic nach féidir rochtain a fháil orthu ach le 4WD. Ní dhéantar feithiclí áitiúla a chothabháil go maith agus tá na caighdeáin tiomána bunúsach. D’fhéadfadh stáisiúin pheitril a bheith teoranta lasmuigh de bhailte agus níl aon chuideachtaí ann le haghaidh carranna a bhriseann síos.
Más mian leat a bheith ag tiomáint:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Táidsíceastáine, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
- Déan cinnte gach a theastaíonn uait le haghaidh do thuras a thabhairt leat agus fág do dhóthain ama do mhoilleanna
- Moltar slite cumarsáide éigeandála mar fóin shatailíte do thaisteal ardchríche
- Níor chóir taisteal ar bhóithre ach amháin le solas an lae
Bóithre
Bíonn coinníollacha thar a bheith contúirteach san earrach mar gheall ar an mbaol ó mhaidhmeanna sneachta agus sciorradh talún. Ní bhíonn go leor bóithre intíre, lena n-áirítear an príomhbhóthar ó Dushanbe go Khojand, oscailte ach le linn an tsamhraidh.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Sábháilteacht Aeir
Má tá sé i gceist agat taisteal chun na Táidsíceastáine, ón Táidsíceastáin agus/nó sa Táidsíceastáin, seachain taisteal ar aerlínte a liostaítear faoi thoirmeasc oibriúcháin an AE. Ní eitlíonn aon aerlíne ón Iarthar chun na Táidsíceastáine agus is leis an aerlíne Stáit, Tajik Air a bhíonn formhór na n-eitiltí idirnáisiúnta go Dushanbe. Ní fios an gcloítear i gceart le nósanna imeachta cothabhála nó an bhfuil paisinéirí clúdaithe ag árachas. Níl Tajik Air ina bhall de IATA. Níl cead ach ag péire dá n-eitleáin reatha (Tupolev) eitilt in aerspás an AE (München). D’fhéadfaí eitiltí sa Táidsíceastáin a chur ar ceal ar ghearrfhógra nó moill mhór a chur orthu. Níl sé neamhchoitianta eitiltí áitiúla a bheith ró-ualaithe.