Léirsithe
Uaireanta is féidir tionóil phoiblí agus léirsithe tarlú gan mórán foláirimh nó gan rabhadh ar bith. Molaimid duit léirsithe a sheachaint agus comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint.
D’fhéadfadh go gcuirfeadh agóidí isteach ar chúrsaí iompair agus seirbhísí eile. Bí réidh do phleananna taistil a athrú ar ghearrfhógra más gá, agus tabhair am breise duit féin faoi choinne do thuras. Ba cheart duit seiceáil freisin le haghaidh nuashonruithe taistil nó moilleanna iompair roimh do thuras chun na Spáinne agus lena linn.
Sceimhlitheoireacht
Tá bagairt ghinearálta ann den sceimhlitheoireacht san Eoraip, agus meastar gur ard leibhéal na bagartha sa Spáinn. Ó bhí 2015 ann, tá an leibhéal foláirimh frithsceimhlitheoireachta náisiúnta ó Rialtas na Spáinne fós ag leibhéal a ceathair (ard) ar scála 1 go 5.
Toisc go bhféadfadh sceimhlitheoirí tabhairt faoi ionsaithe breise, agus go bhféadfadh áiteanna a dtugann eachtrannaigh cuairt orthu a bheith san áireamh in ionsaithe dá leithéid, moltar do shaoránaigh na hÉireann a bhfeasacht ar shlándáil a ardú agus a bheith cúramach. Sa chás go dtarlaíonn aon teagmhais slándála, ba chóir duit treoracha na bpóilíní áitiúla agus do thionscnóir turas a leanúint.
Ar an 17 agus an 18 Lúnasa 2017, tharla dhá ionsaí sceimhlitheoireachta a raibh baint acu lena chéile sa limistéar Las Ramblas de Barcelona agus i mbaile Cambrils, timpeall 100km ó Barcelona. Mar thoradh ar na heachtraí seo, inar dhírigh feithiclí ar choisithe d’aon ghnó, fuair 16 duine bás agus gortaíodh breis agus 100 duine.
I mí an Mhárta 2004, phléasc buamaí ar thraenacha comaitéireachta i Maidrid, agus maraíodh 192 duine. Leagadh an fhreagracht as an ionsaí seo ar an líonra sceimhlitheoireachta Al Qaeda.
D’fhógair eagraíocht sceimhlitheoireachta na mBascach, ETA, a díscaoileadh i mBealtaine 2018. Ní dhearna sé aon ionsaí le blianta beaga anuas.
Sábháilteacht ar bhalcóiní
Tharla roinnt timpistí thromchúiseacha le blianta beaga anuas a bhain le titim ó bhalcóiní. Bás nó gortú tromchúiseach do shaoránach Éireannach a bhí mar thoradh ar roinnt díobh seo. Tá sé tábhachtach a bheith cúramach agus balcóiní óstáin agus árasáin á n-úsáid agat, go háirithe má ghlac tú alcól nó drugaí, agus chun rioscaí nach bhfuil gá leo a sheachaint. Má ghortaítear tú i dtitim bhalcóin agus tú faoi thionchar alcóil nó drugaí, féadfaidh do chomhlacht árachais diúltú aon chostais iarmhartach dá bharr a chlúdach. Ba cheart duit a bheith ar an eolas freisin go bhféadfadh údaráis na Spáinne fíneálacha a ghearradh orthu siúd atá i mbun iompraíocht chontúirteach ar bhalcóiní, lena n-áirítear dreapadóireacht orthu nó léim uathu.
Coireacht
Is measartha an ráta coireachta ag formhór na Spáinne. Mar sin féin, mar gheall ar an líon an-ard turasóirí a thugann cuairt ar an Spáinn, cuirtear bearta slándála breise i bhfeidhm i limistéir phoiblí ag buaicthréimhsí, mar shampla i rith an tsamhraidh agus um Nollaig. Ba cheart go mbeadh a fhios agat go bhfuil riosca i bhfad níos airde ag baint le peasghadaithe agus mugáil i limistéir amhail aerfoirt, stáisiúin bus, stáisiúin iarnróid, limistéir turasóireachta agus cathracha móra ar nós Maidrid agus Barcelona. Molaimid duit réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, ticéid taistil, pas ná airgead le chéile san áit amháin, mar shampla bagáiste nó do mhála. Fág airgead tirim spáráilte agus rudaí luachmhara in áit shábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat mura bhfuil fíorghá leis, agus smaoinigh ar do Chárta Pas a thabhairt leat. Fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
- Seachain suimeanna móra airgid a thaispeáint go poiblí agus ná húsáid UMBanna i ndiaidh dó dul ó sholas, go háirithe má tá tú i d’aonar. Seiceáil nár lean aon duine thú tar éis duit do ghnó a dhéanamh
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid earraí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí ar nós caiféanna, stáisiúin traenach agus bus, beáir, bialanna, srl.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan solas, socraigh go mbaileofar nó go scaoilfear amach thú chomh gar agus is féidir le príomhdhoras d’óstáin nó d’árasáin
Mionchoireacht
Bí airdeallach faoin mionchoireacht: baineann go leor de na cásanna a ndéileálaimid leo le pasanna agus cártaí creidmheasa a ghoidtear.
I stáisiúin meitreo, seachain dul ar bord na traenach in aice leis an mbealach amach/bealach isteach chuig an ardán, mar go minic is anseo a shuíonn na peasghadaithe iad féin. Féadfaidh gadaithe oibriú i ndronganna agus d’fhéadfadh duine acu iarracht a dhéanamh do shúil a tharraingt ionas gur féidir le comhchoirí tú a ghoid níos éasca.
Coireacht bóthair
Bí aireach i gcónaí nuair a thagann duine a mhaíonn gur póilíní iad i dteagmháil leat, bíodh sé i ngnáthéadaí nó ag taisteal i bhfeithiclí gan mharcáil.
I ngach ábhar tráchta, beidh na póilíní in éide. Beidh comhartha leictreonach gealánach ag feithiclí gan mharcáil ar an bhfuinneog cúil, ar a léitear ‘Policía’ nó ‘Guardia Civil’, agus de ghnáth beidh soilse gealánacha gorma ionchorpraithe sna ceannsoilse.
In ábhair nach mbaineann le trácht, féadfaidh póilíní gnáthéadaí a chaitheamh. Tá sé de cheart agat, áfach, iarraidh ar phóilíní iad féin a chur in aithne duit. Chomh maith leis sin, ní iarrfaidh fíorphóilíní go dtabharfaidh tú ar láimh do mhála nó sparán. Má iarrann siad ort aitheantas a thabhairt, taispeáin cáipéis aitheantais fhótagrafach dóibh amhail do phas, Cárta Pas nó ceadúnas tiomána. Má bhíonn aon amhras ort, ba cheart duit labhairt trí fhuinneog an chairr agus teagmháil a dhéanamh le húdaráis na Spáinne ar 112 agus iarraidh orthu a dheimhniú gurb ionann uimhir chláraithe na feithicle agus feithicil oifigiúil póilíní.
Coireacht feithicle
Is coitianta an ghadaíocht ó fheithiclí sa Spáinn. Agus tú ag tiomáint, ná déan dearmad do dhoirse a choinneáil faoi ghlas, fuinneoga a choinneáil druidte agus earraí luachmhara a choinneáil as radharc.
Bí ar an eolas go bhfuil 'píoráidí na mbóithre' ann a dhíríonn ar charranna atá cláraithe thar lear agus ar cíos. Tá tuairiscí ar a leithéid de ghníomhaíocht, in aice le haerfoirt, go háirithe. Déanfaidh roinnt acu iarracht tú a stopadh, ag rá go bhfuil rud éigin cearr le do charr nó go ndearna tú damáiste do charr s’acusan. I gcásanna áirithe, déanfaidh siad fiú imbhualadh a phleanáil d’aon ghnó sa chaoi go stopfaidh tú agus go bhfágfaidh tú do charr, roimh d’earraí pearsanta a ghoid.
Má shocraíonn tú stopadh chun riocht d’fheithicil/a bhfeithicil a sheiceáil, déan iarracht stopadh i limistéar ina bhfuil soilse agus daoine, cosúil le stáisiún seirbhíse, agus bí an-fhaichilleach d’aon duine a thugann cabhair.
Drugaí éigniú coinne
Tá foláireamh tugtha ag údaráis na Spáinne go n-úsáidtear drugaí éigniú coinne, lena n-áirítear GBH (gámahiodrocsabútaráit) agus eacstais leachtach. Ná déan do chuid airdeall ar na rioscaí seo a ísliú gan chuimhneamh díreach toisc go bhfuil tú ar saoire.
Camscéimeanna crannchuir
Tá roinnt camscéimeanna crannchuir ar bun sa Spáinn. Molaimid duit a bheith airdeallach má dhéanann eagraíocht teagmháil leat ag maíomh gur crannchur Spáinneach í. Ná tabhair sonraí pearsanta amach agus ná híoc aon airgead, ar féidir cur síos air mar ‘réamhtháille’, ‘cáin’ nó ‘árachas’. Má chuir tú isteach ar chrannchur agus iarrtar ort rud éigin a íoc roimh ré nó más fón póca an uimhir theagmhála dó, is dócha gur camscéim atá ann.
De réir Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, bíonn duaiseanna Chrannchur na Spáinne saor ó chánacha i dtólamh, agus tá cuid de na baill de ghrúpaí a bhí ag feidhmiú ón Spáinn gafa cheana féin ag póilíní na Spáinne agus faoi réir imeachtaí dlí.
Dá bhrí sin, nuair a thairgtear ‘duaiseanna’ duit a bhfuil an chuma orthu go bhfuil baint acu le Crannchur na Spáinne, ná híoc airgead ar bith. Chomh maith leis sin, seol cóip den cháipéisíocht bhréagach chuig an seoladh seo a leanas:
Loterías y Apuestas del Estado - Seirbhís Comhairle Dhlí
c/ Guzmán el Bueno nº137
28003 Maidrid, an Spáinn
Nó chuig uimhir facs 34 91 533 51 36
Póilíní
Tá dhá phríomhfhórsa póilíneachta sa Spáinn:
- Is í an Policía National (Póilíní Náisiúnta) gníomhaireacht phóilíneachta uirbeach na Spáinne ar fud na tíre. Pléann sé le cúrsaí coiriúla, breithiúnacha, sceimhlitheoireachta agus inimirce. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ach glaoch ar 091.
- Is i gceantair thuaithe go príomha a fheidhmíonn an Guardia Civil (Garda Sibhialta). Tá idir fheidhmeanna míleata agus sibhialtacha aige. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ach glaoch ar 062.
I bhformhór na gceantar uirbeach, tá an Policia Local (glaoigh ar 092), atá freagrach as trácht laistigh de na cathracha agus mionchoireacht.
Coir a thuairisciú
Más íospartach coireachta thú agus tú sa Spáinn, déan é a thuairisciú leis na póilíní áitiúla láithreach trí ghlaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála ar 112 - bíonn Béarla ag na hoibreoirí freagartha ar fad.
Bí cinnte go bhfaigheann tú cóip den ‘denuncia’ (tuairisc na bpóilíní) nuair a thuairiscíonn tú an choir. Mar shampla, má goideadh do chuid earraí, beidh tuairisc na bpóilíní uait chun críocha árachais. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, coinnigh tuairisc na bpóilíní le haghaidh d’éileamh árachais, chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú taistil éigeandála agus chun iarratas a dhéanamh ar phas athsholáthair nuair a fhilleann tú ar Éirinn.
Tuairisc póilíní a dhéanamh
Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar thrí bhealach éagsúla:
1. I láthair go pearsanta: Ag an stáisiún póilíní is gaire. Ní bhíonn ateangairí Béarla ar fáil faoi ghearrfhógra i gcónaí, mar sin ba cheart duit smaoineamh ar dhuine a labhraíonn Spáinnis a thabhairt leat.
2. Ar an bhfón: Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar an bhfón i mBéarla trí ghlaoch a chur ar 901 102 112. Tá an tseirbhís Bhéarla ar fáil ó 9 r.n – 9 i.n, seacht lá na seachtaine. Nuair a bheidh do thuairisc déanta agat, tabharfar treoir duit cóip shínithe den tuairisc a fháil ag an stáisiún póilíní is gaire duit. Mar sin féin, ní féidir roinnt coireanna, go háirithe coireanna níos tromchúisí nó coireanna a bhaineann le foréigean, a thuairisciú ach i láthair go pearsanta.
3. Ar líne: Is féidir leat tuairisc póilíní a dhéanamh ar líne freisin. Ní mór coireanna áirithe, go háirithe coireanna níos tromchúisí a bhaineann le foréigean fisiciúil, a thuairisciú go pearsanta.
Aeráid: Baoil shéasúracha
Falscaithe
Le linn tréimhsí tirime nó tréimhsí teochtaí arda, tá baol ann go mbeidh dóiteáin foraoise i go leor áiteanna sa Spáinn. Is féidir go ndúnfar bóithre agus iarnróid dá bharr. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an caighdeán aeir dul i ndonacht in áiteanna in aice le tinte gníomhacha agus tionchar diúltach a imirt ar thaistealaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil tinnis riospráide orthu. Ba cheart do shaoránaigh na hÉireann súil ghéar a choinneáil ar an nuacht mar is féidir leis an scéal athrú go gasta, agus a bheith cúramach go háirithe gan dul i mbun aon ghníomh a d’fhéadfadh cur le riosca dóiteáin foraoise agus iad amuigh faoin aer.
Má fheiceann tú tine nó deatach, moltar duit glaoch a chur ar an uimhir éigeandála 112. Bíonn Béarla ag na hoibreoirí, agus beidh siad in ann cabhrú leat. Tá faisnéis cothrom le dáta ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair maidir le dóiteáin foraoise ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sibhialta agus Éigeandálaí agus ar a gcuid cainéil meán sóisialta.
Bolcáin agus gníomhaíocht sheismeach
Ar an 19 Meán Fómhair 2021, bhí brúchtadh bolcánach ann ar an Oileán Canárach La Palma sa bhaile bardais El Paso. Tá foláireamh ‘buí’ i bhfeidhm faoi láthair ann. Tá faisnéis faoi na limistéir atá buailte ar fáil ar láithreán gréasáin an Rialtais La Palma .(Spáinnis amháin)
Tá faisnéis i mBéarla ar mholtaí don phobail le linn brúchtadh bolcánach ar fáil ar shuíomh gréasáin https://riesgovolcanico-lapalma.hub.arcgis.com/pages/recomendaciones.
Is féidir le gníomhaíocht bholcánach agus sheismeach tarlú sa Spáinn, go háirithe sna hOileáin Chanáracha. Mar sin féin, is annamh a bhíonn eachtraí móra ann. Déanann Rialtas na nOileán Canárach monatóireacht ghéar ar ghníomhaíocht den sórt sin agus soláthraíonn sé faisnéis nuashonraithe don phobal ar a suíomh gréasáin.