Iompar
Tá stailceanna iompair agus rialaithe aerthráchta tréimhsiúla ar fud na Fraince ag cur isteach ar thaisteal ráille, tacsaí/Uber agus aerthaistil ar fud na Fraince chomh maith le meitreo agus seirbhísí bus Pháras. Seiceáil le do sholáthraí taistil nó le d’aerlíne le haghaidh na nuashonruithe is déanaí. Féadfaidh tú eolas fíor-ama a fháil faoi thrácht ráille ar shuíomh gréasáin SNCF chomh maith le meitreo agus córais bhus Pháras ar shuíomh gréasáin RATP.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Fhrainc, cuimhnigh go dtaistealaíonn trácht ar an taobh deas. Muna bhfuil tú cleachta le bheith ag tiomáint ar an taobh deas, bí an-chúramach, go háirithe ag crosbhóthair, áiteanna a mbíonn ceart bealaigh ag an trácht a thagann ón taobh deas.
Más mian leat tiomáint:
- Beir leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus ábhartha agat. Ní mór duit a bheith ar a laghad 18 mbliana déag d’aois chun tiomáint sa Fhrainc agus níl ceadúnas foghlaimeora bailí.
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an alcóil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofar, go ngearrfar fíneáil ghéar ort nó go gcuirfear cosc ort tiomáint má ghabhfar tú.
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Fraince, ar nós teorainneacha luais. Is rudaí coitianta iad ceamaraí luais agus tá póilíní na Fraince airdeallach.
- Coinnigh doirse d’fheithicle faoi ghlas agus coinnigh do mhálaí as radharc ionas nach féidir sciobadh mála faille a dhéanamh má stopfar ag soilse tráchta thú.
Teastas um Chaighdeán an Aeir
D’fhógair údaráis na Fraince córas nua maidir le Teastas um Chaighdeán an Aeir chun feithiclí a cháiliú bunaithe ar leibhéil astaíochtaí truailleáin aeir agus is rud riachtanach é do gach feithicil i bPáras, i Grenoble agus i Lyon. Teastaíonn an córas a tugadh isteach le déanaí go dtaispeánann gach feithicil greamán cairr Crit’Air - lena n-áirítear feithiclí atá cláraithe thar lear. www.certificat-air.gouv.fr
Tugadh an córas greamáin isteach chun astaíochtaí a laghdú i gcathracha níos mó, ionas gur féidir feithiclí atá ag déanamh an-chuid truaillithe a dhiúltú ó theacht isteach bunaithe ar an ngreamán Crit’Air a thaispeánann siad ar an ngaothscáth, ar laethanta a mbíonn cathracha áirithe i mbaol a gcuid teorann astaíochtaí Euro a shroicheadh.
Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Fhrainc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne chun an greamán atá de dhíth ort a fháil, rud a mbeidh costas €4.80 air d’fheithiclí atá cláraithe thar lear. Féadfaidh íocaíocht a dhéanamh ar líne agus cuirfear an greamán sa phost. Bunaítear aicmithe ar aois d’fheithicle agus tá feidhm ag an gcóras do gach feithicil, gluaisteáin, gluaisrothair agus trucailí. Molann údaráis na Fraince go bhféadfaí fíneáil a ghearradh ar thiománaithe a thiomáineann gan teastas Crit’Air ar an láthair, fíneáil a bhféadfaí costas €68 suas go €135 a bheith air.
Pionóis tiomána
Lean na dlíthe tráchta go cúramach toisc go mbíonn pionóis ghéara ann nuair a bhristear an dlí. D’fhéadfadh na dlíthe seo a bheith ina bhfíneálacha ar an láthair, ina gcoigistiú de do cheadúnas tiomána, nó ina dtréimhse príosúnachta (le haghaidh cionta dáiríre ar nós ag tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí nó tiomáint fhaillitheach).
Má choigistítear do cheadúnas, ní cheadófar duit leanúint ar aghaidh ag tiomáint agus gaibhneofar d’fheithicil mura bhfuil tiománaí ar fáil chun é a thiomáint, tiománaí a bhfuil láncheadúnas aige.
Gadaíocht ó fheithiclí
Is rud coitianta é seo, go háirithe i ndeisceart na Fraince, mar sin coinnigh do dhoirse faoi ghlas, d’fhuinneoga dúnta agus d’earraí luachmhara as radharc agus tú ag tiomáint agus páirceáilte. I limistéir turasóireachta áirithe feadh an chósta ó dheas, is rud coitianta é an tseilf chúil a bhaint ionas go bhféadfadh gadaithe féideartha a fheiceáil nach bhfuil aon rud sa bhúit ar fiú a ghoid.
Díríonn gadaithe ar thithe soghluaiste agus ar veaineanna campála chomh maith, mar sin déan cinnte go nglacfar na céimeanna ábhartha ar nós úsáid a bhaint as aláram nó taisceadán chun do ghiuirléidí a chosaint ansin.
Anáileadáin
Ó 2012, tá tú i dteideal anáileadán a bheith agat i d’fheithicil go dlíthiúil, (cuimsítear gluaisrothair leis seo). Ceannaigh fearas a chloíonn le rialacháin na Fraince agus a bhfuil lipéad ‘NF’ air. Molaimid duit ar a laghad dhá anáileadán a bheith ort i gcónaí.
Trealamh sábháilteachta
Ní mór duit triantán rabhaidh frithchaiteach dearg agus veist ard-fhrithchaiteach a bheith i d’fheithicil i gcónaí. Tá seicphointí póilíní ann go minic ag slite amach na mórchalafort farantóireachta chun seiceáil má tá trealamh sábháilteachta de dhíth ar thiománaithe, mar sin cinntigh go bhfuil stoc iomlán i d’fheithicil sula dtaistealaíonn tú chun na Fraince. Munar féidir leat trealamh sábháilteachta a chur ar fáil ag timpiste nó ag radharc cliste nó le linn iniúchta póilíní, d’fhéadfaí go ngearrfar fíneáil ort.
Ní mór duit triantán rabhaidh a thaispeáint 30 méadar ó d’fheithicil ar eagla aon chliseadh nó timpiste (seachas i gcás cliste ar an mótarbhealach, áit nach mbíonn sé sábháilte siúl 30 mhéadar siar – sa chás sin, cuir an triantán i bhfad ó d’fheithicil, agus ceisteanna sábháilteachta á gcur san áireamh agat).
Ní mór duit veist ard-fhrithchaiteach a bheith ort i gcorp na feithicle (ná bíodh sé sa bhúit). Is gá duit veist a chaitheamh ar eagla cliste ag am ar bith agus ní mór duit é a chur ort sula bhfágann tú an fheithicil.
Séasúr ard-tráchta
Bíonn trácht fíor-throm i dtréimhsí saoire samhraidh na Fraince go traidisiúnta thar dheireadh seachtaine an 7 Iúil, an 14 Iúil, an 4 Lúnasa, an 11 Lúnasa agus an 18 Lúnasa. Tabhair neart ama duit féin agus glac bristeacha go rialta ar d’aistear ar na deireadh seachtaine sin, go háirithe ar bhealaí a nascann Páras leis an ndeisceart.
D’fhéadfadh róphlódú tráchta a bheith ar mhótarbhealaí, mar sin cinntigh go bhfuil a dhóthain breosla agat, agus athbhreoslaigh go rialta, toisc go bhféadfaí níos mó ama a bheith i gceist chun an chéad seirbhís eile a shroicheadh ná mar a ceapadh.
Tá mapaí agus grafaicí dathchódaithe ag suíomh gréasáin na Fraince seo ar féidir le daoine nach labhraíonn Fraincis tuiscint a bhaint uathu mar sin d’fhéadfaí go gcabhróidh siad leat d’aistear a phleanáil.
Cúnamh teagmhais
Is cion é sa Fhrainc má fheiceann tú teagmhas (ar an mbóthar nó in áit eile), agus muna stopfar agus tabharfar cabhair do dhuine éigin atá i dtrioblóid. Más gá duit stop ar an mbóthar chun cabhair a thabhairt do dhuine éigin, ní mór duit do veist ard-fheiceálachta a chur ort sula bhfágann tú d’fheithicil.
Tacsaithe
Níor cheart duit ach úsáid a bhaint as tacsaithe atá ceadúnaithe agus marcáilte i gceart. Bí aireach roimh dhaoine a mhaíonn gur tiománaithe tacsaí iad a bhíonn ag mangaireacht le haghaidh oibre ag limistéir iontrála an aerfoirt, ag stáisiúin traenach nó ag mórstáisiúin bus – níl cead ag tiománaithe tacsaí atá cláraithe obair a dhéanamh ar an mbealach seo.
Níl meas ag tiománaithe nach bhfuil ceadúnas acu ar rialacha maidir le táillí de ghnáth, agus níos tábhachtaí ná sin, ní dhearnadh seiceálacha slándála agus póilíní orthu, rudaí atá riachtanach do thiománaithe tacsaí atá cláraithe. Tá cásanna ann le déanaí inár ionsaigh tiománaithe tacsaí turasóirí eachtracha, mar sin má bhíonn amhras ar bith ort, ná bain úsáid as an tseirbhís.
Marcáiltear tacsaithe atá ceadúnaithe le comhartha dín bán agus bíonn cárta aitheantais gairmiúil an tiománaí ar thaobh chlé an ghaothscátha. Beidh méadar le feiceáil i lár na deaise agus beidh greamán sa chúlfhuinneog ar chlé, rud a leagfaidh amach na bunrialacha a rialaíonn tacsaithe agus táillí.
Tiománaithe trucaile
Má tá tú i do thiománaí trucaile, cinntigh go mbíonn cur amach agat ar rialacháin tráchta na Fraince, go háirithe ar shonraí faoin am ar féidir nó nach féidir úsáid a bhaint as na mótarbhealaí.
Rothaithe
Tá scéimeanna rothair ar cíos ar fáil go poiblí i bPáras agus in an-chuid cathracha eile anois. Agus tú i do rothaí, níl cead agat rothaíocht ar chosáin ach amháin má bhíonn lána rothaíochta marcáilte mar chuid den chosán. Géill do rialacha tráchta ábhartha ar fad agus déan réamhchúraimí sábháilteachta ábhartha, go háirithe muna bhfuil cur amach agat ar rothaíocht ar thaobh deas an bhóthair. Déan rothaíocht a sheachaint má tá tú faoi thionchar alcóil.
Ní mór do rothaithe ar fad veist ard-fheiceálachta a chaitheamh nuair a rothaíonn siad lasmuigh de limistéir uirbeacha is d’oíche.
Feithicil ar cíos
Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, molaimid duit gan do phas a thabhairt uait mar theideal urrúis. Má ligeann tú do dhuine fótachóip a dhéanamh de do phas, coimeád do shúil air i gcónaí.
Seiceáil go bhfuil árachas imleor agat agus léigh na mionsonraí ar chonradh cíosa feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a rachaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).
Gluaisteáin a roinnt
Táimid ar an eolas faoi shuíomhanna gréasáin éagsúla a chuireann deiseanna ar fáil gluaisteáin a roinnt ach ní féidir linn bailíocht na gcomhlachtaí sin a dhearbhú. Is ar do phriacal féin a bhaineann aon chinneadh leas a bhaint as seirbhísí den chineál sin.
Traein
Má bhíonn tú ag taisteal ar an traein, cinntigh go marcáiltear do bhagáiste go soiléir le d’ainm agus ná fág é gan aon duine ina bhun. Dúnadh an-chuid oifigí bagáiste i stáisiúin traenach mar gheall ar chúiseanna slándála, mar sin déan iarracht a gcuid infhaighteachta a fháil amach roimh ré nó déan socruithe eile.
Tá traenacha thar oíche áirithe ann i lár na cathrach ar a mbíodh gadaithe dírithe orthu. Déan cúram ar leith le do ghiuirléidí, ar mheitreo agus ar thraenacha, nuair a dhúnann na doirse, toisc gur eol go ngoideann gadaithe faille málaí paisinéirí ar an ardán díreach agus doirse na traenach á ndúnadh.
Feidhmíonn gach Eurostar ó Pháras, Lille, Calais agus ón mBruiséil go Londain St Pancras. Déantar áirithintí trí www.eurostar.com nó (ó laistigh den Fhrainc – tá feidhm ag préimhrátaí) 0892-353539.
Féadfaidh tú áirithint a dhéanamh ar thraenacha ó laistigh den Fhrainc trí www.voyages-sncf.com.