Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála do shaoránaigh Éireannacha a thugann cuairt ar Chéinia a bheith thar a bheith cúramach. Moltar duit a bheith ar an airdeall i gcónaí in áiteanna poiblí ar fud na Céinia, agus i Mombasa agus Nairobi ach go háirithe.
Seo a leanas roinnt de na heachtraí a tharla le déanaí:
- An 25 Iúil, scaoil agus mharaigh póilíní i gCéinia triúr fear a raibh amhras fúthu go raibh baint acu le sraith ionsaithe a rinneadh ar Mombasa, an dara cathair is mó i gCéinia, le déanaí.
- I mí Iúil 2014, maraíodh beirt turasóirí mná, duine amháin ón Rúis agus an duine eile ón nGearmáin, in dhá eachtra ar leithligh i Seanbhaile Mombasa.
- An 20 Iúil, maraíodh ar a laghad ceathrar agus gortaíodh roinnt daoine eile nuair a scaoil fir a raibh gunnaí acu a bhí ar ghluaisrothar le daoine ar an tsráid gan idirdhealú i Mombasa, an Chéinia.
- An 18 Iúil mharaigh fir a raibh gunnaí acu seachtar, ceathrar póilíní ina measc, i ndiaidh ionsaí ar chontae Lamu ar chósta na Céinia. Dhírigh siad ar bhus gar do bhaile Witu, thart ar 50km (31 míle) ó oileán Lamu, agus ansin scaoil siad le feithicil póilíní a tháinig ar an láthair le cúnamh a thabhairt. Tá ráite ag Al-Shabaab gurb iadsan a bhí freagrach as an ionsaí sin.
- Maraíodh ar a laghad 73 duine le linn ionsaithe ag Al Shabaab ar bhailte cósta gar do Mpektoni i mí an Mheithimh.
- Bhásaigh ar a laghad 10 agus gortaíodh 70 nuair a phléasc dhá bhuama ag Margadh Gikomba sa phríomhchathair, Nairobi an 16 Bealtaine 2014.
- D’ionsaigh fir a raibh gunnaí acu ón grúpa Al Shabaab trí bhaile i limistéar Mpeketoni ar chósta na Céinia, i gceantar Lamu, an 15, 16 agus 23 Meitheamh. Maraíodh ar a laghad 73 duine.
- An 16 Bealtaine, phléasc dhá ghaireas pléascacha seiftithe i Margadh Gikomba gar do Eastleigh i Nairobi. Tugann tuairiscí le fios gur maraíodh ar a laghad deichniúr agus gur gortaíodh 70. An 2 agus 4 Bealtaine, phléasc gairis phléascacha ar bhusanna i Mombasa agus i Nairobi. Maraíodh agus gortaíodh daoine sa dá chathair dá bharr sin.
- An 17 Márta 2014, fuarthas gaireas pléascach seiftithe mór, chomh maith le roinnt arm, i gcarr a ghabh na póilíní i Mombasa. Tugann tuairiscí le tuiscint go bhféadfadh tuilleadh buamaí den chineál céanna a bheith ann i Mombasa agus sa réigiún níos leithne. Moltar do shaoránaigh na hÉireann a bheith níos airdeallaí.
- An 2 Feabhra 2014, chuardaigh na póilíní Mosc i gCeantar Majengo i Mombasa, agus maraíodh roinnt daoine dá bharr. Meabhraítear do shaoránaigh Éireannacha sa réigiún go bhfuil ardteannas san áit agus go bhféadfadh agóidí foréigneacha briseadh amach. Moltar duit a bheith cúramach sa cheantar seo agus sluaite nó léirsithe a sheachaint.
- Tharla ionsaí gránáide thart ar Thrá Diani i Mombasa i mí Eanáir 2014 agus gortaíodh go leor daoine.
- Tharla pléascadh beag ag Aerfort Idirnáisiúnta Jomo Kenyatta i mí Eanáir 2014.
Sceimhlitheoireacht
Tá baol ard ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheach sa Chéinia, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar shibhialtaigh, lena n-áirítear áiteanna a mbíonn eachtrannaigh bailithe le chéile. Tá na húdaráis sa Chéinia tar éis an pobal a chur ar an airdeall maidir leis an mbaol ó ionsaithe sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, go háirithe thart ar Nairobi. Ó mhí Eanáir 2012 tharla roinnt foláireamh agus ionsaithe sceimhlitheoireachta, agus tharla ionsaithe buama agus gránáide i Nairobi agus Mombasa le roinnt míonna anuas.
Molaimid go leanfá tuairiscí maidir leis an staid slándála, agus a bheith thar a bheith cúramach in óstáin, ionaid siopadóireachta agus tránna, agus go háirithe in ionaid uirbeacha. Táimid ag coinneáil súil ar chúrsaí agus déanaimid nuashonrú ar an gcomhairle go rialta.
Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl
Bhí an toghchán ginearálta agus uachtaránachta is déanaí ar súil sa Chéinia i mí an Mhárta 2013 agus tá na torthaí sin deimhnithe ag Cúirt Uachtarach Chéinia. D’fhéadfadh teannas a bheith ann go fóill agus molaimid duit a bheith airdeallach.
Léirsithe
Tá baol neamhaird agus círéibeacha go ginearálta sa Chéinia agus ba chóir duit sluaite móra daoine, léirsithe nó cruinnithe poiblí a sheachaint i gceantair uirbeacha agus tuaithe, a éiríonn achrannach uaireanta. Bí ar an eolas faoin méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus trí bheith i dteagmháil le d’óstán nó d’eagraí turas.
Fuadach
Molaimid gan taisteal laistigh de 60km de theorainn na Somáile mura bhfuil sé riachtanach nó chuig ceantar Garissa nó na ceantair ar chósta ó thuaidh d’oileán Pate agus Kiwayu. Ionsaíodh agus fuadaíodh turasóirí ón iarthar ó réadmhaoine cois trá ansin. Tá leochaileacht ar leith ag baint le cóiríocht cois trá agus báid seoil bheaga ó thaobh ionsaithe den chineál sin. Má tá tú chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seoltóireachta, ná imigh as radharc in am ar bith.
Coiriúlacht
Tá coiriúlacht forleathan sa Chéinia go háirithe i Nairobi agus Mombasa. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:
- Ná bíodh cártaí creidmheasa nó airgead tirim ar iompar agat toisc go gcuireann gadaithe iallach ar dhaoine airgead tirim a aistarraingt
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Ná téigh ag siúl leat féin san oíche agus seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Seachain tránna iargúlta go háirithe san oíche.
Coiriúlacht thromchúiseach
D’fhéadfadh eachtraí goidte carranna agus robálacha armtha tarlú in áit ar bith sa Chéinia, ach tá siad níos coitianta i Nairobi agus Mombasa. Ná taisteal san oíche agus bí airdeallach i gcónaí, go háirithe ar na bóithre a nascann lár chathair Nairobi le limistéir chónaithe. Ná stop ar thaobh an bhóthair agus coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus fuinneoga dúnta i gcónaí. Ba chóir duit réamhchúraimí ciallmhara a dhéanamh maidir le sábháilteacht phearsanta agus feithicle, agus, nuair is féidir, taisteal i gconbhua i gceantair iargúlta. Bí ar an eolas gur tharla ionsaithe armtha ar ghalfchúrsaí thart ar Nairobi.
Slumaí
Molaimid gan taisteal mura bhfuil sé riachtanach chuig ceantair ar ioncam íseal i Nairobi, lena n-áirítear bailecheantair nó slumaí, áiteanna a bhfuil leibhéil arda coiriúlachta iontu.
Camscéimeanna turasóra
Bí ar an eolas maidir le póilíní bréagacha agus, má stopann siad tú, iarr orthu aitheantas a thaispeáint duit.
Sábháilteacht phearsanta
Ná glac le bia nó deoch ó strainséirí toisc go bhféadfadh drugaí a bheith ann. Ná fán i gcampaí turasóireachta mura bhfuil slándáil mhaith imlíne iontu agus faigh comhairle ó do thionscnóir turas nó ó Chónaidhm Turasóireachta Chéinia (Teil: +254 20 604730).
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chéinia, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i Nairobi má bhíonn cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chéinia, ba chóir duit a bheith cúramach agus, más féidir é taisteal i gconbhua in áiteanna iargúlta.
Más mian leat a bheith ag tiomáint
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Céinia, mar shampla luasteorainneachas
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).