Sláinte
Is ceart daonna bunúsach í an tsláinte. Creideann Éire nach mór infheistiú i ndea-shláinte chun bochtaineacht a laghdú.
Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí sláinte le blianta fada anuas, ach tá dúshláin ollmhóra fós le sárú. Tá rochtain éagothrom ar sheirbhísí sláinte riachtanacha. Bíonn cáilíocht na seirbhísí sin éagothrom freisin. Tá córais sláinte ár dtíortha comhpháirtíochta á neartú againn. Áirítear air sin ullmhú do bhagairtí sláinte amach anseo.
Dírímid go fadtéarmach ar thorthaí sláinte máthartha a fheabhsú. Leagtar béim ar thábhacht seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe inár gcuid oibre.
Ní mór go n-ullmhaítear, go dtéitear in oiriúint agus go bhfreagraítear do thionchar an athraithe aeráide leis an gcúram sláinte. Tugtar saincheisteanna aeráide san áireamh inár gcuid oibre chun córais cúraim sláinte a neartú.
Déantar an méid sin trí oibriú le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mar bhallstát den Aontas Eorpach, tacaímid go gníomhach le cur chuige Foireann na hEorpa.
Cuireann ár gcuid oibre sa tsláinte dhomhanda le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 de chuid NA.
4ú
Tá SEIF fós ar an gceathrú cúis is mó atá le básanna san Afraic fho-Shahárach
1.5 mhilliún
Líon na ndaoine atá fós ag fáil bháis ó ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú
5 mhilliún
Líon na mbásanna domhanda faoi bhun 5 bliana d’aois in 2021, síos ó 12.8 milliún in 1990.
Tugann Éire tacaíocht do tionscnaimh sláinte dhomhanda agus leis na comhpháirtíochtaí forbartha táirgí agus na comhpháirtíochtaí sa bhaile araon, dírítear ar chórais sláinte a fhorbairt agus a fheabhsú.
Tionscnaimh sláinte dhomhanda
Tacaímid le tionscnaimh sláinte dhomhanda lena neartaítear córais sláinte agus lena laghdaítear galar ar fud an domhain. Chun beartas sláinte domhanda a mhúnlú agus a fhorbairt, oibrímid trí fhóraim iltaobhacha. Tá sé riachtanach a bheith rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta trí na tíortha comhpháirtíochta chun an rochtain ar sheirbhísí sláinte a neartú.
An Ciste Domhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a chomhrac
Tá An Ciste Domhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a chomhrac ar cheann de chomhpháirtíochtaí sláinte domhanda na hÉireann is faide. Bunaíodh an ciste sin in 2002 chun dlús a chur le deireadh na n-eipidéimí SEIF, eitinne agus maláire. Meastar gur sábháladh 50 milliún saol trí chomhpháirtíocht an Chiste Dhomhanda.
D’ardaigh Éire an tacaíocht a thug siad 30% don tréimhse 2023-2026, dar luach €65 milliún san iomlán.
GAVI, an Chomhghuaillíocht Vacsaíní
Is comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach nuálach í an Chomhghuaillíocht Vacsaíní (GAVI). Tá sí tiomanta saolta páistí a shábháil agus sláinte daoine a chosaint trí rochtain ar imdhíontaí a mhéadú.
Tá GAVI ag obair chun vacsaíní a fhorbairt agus a sheachadadh go cóir chuig páistí sna tíortha is boichte ar domhan. Faoi láthair, déanann GAVI beagnach leath na bpáistí ar domhan a vacsaíniú. Tá Éire tar éis cur le hobair na comhghuaillíochta ó 2002.
Sa bhliain 2023, bhronnamar €4 mhilliún ar GAVI.
Aidspan
Is eagraíocht mhaoirseachta neamhspleách an Chiste Dhomhanda é Aidspan. Le Aidspan, cuirtear faisnéis agus anailís ar fáil ina ndírítear ar luach ar airgead agus tionchar a chur chun cinn.
Tá Éire tar éis tacú go mór leis an eagraíocht go fadtéarmach, agus €100,000 arna soláthar aici in 2023.
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
Is príomhchomhpháirtí le EDS í Éire. Cuirimid bunchistiú agus cistiú téamach sonrach ar fáil gach bliain. Le bunchistiú na hÉireann, tacaítear le straitéis EDS maidir leis an tréimhse cúig bliana, 2019-2025.
Chuir Éire €2 mhilliún de bhunchistiú ar fáil do EDS in 2023.
Mar fhreagairt ar na hiarmhairtí tubaisteacha a bhí ann de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, thacaigh Éire le práinnfhreagairt EDS trí €1.5 mhilliún a bhronnadh. Leis an gcistiú sin, cuidíodh le cúram sláinte éigeandála agus tráma tarrthála a sholáthar, lena n-áirítear an pacáiste seirbhíse tosaigh íosta do chúram sláinte gnéis agus atáirgthe.
Tacaíonn Éire le Ciste Teagmhasach EDS um Éigeandálaí (CFE) freisin. Leis an tsaoráid sin, ceadaítear mearfhreagairt ar ráigeanna galair nó éigeandálaí sláinte eile ar fhógra 24 uair an chloig. Leis an aistriú gasta acmhainní, cuidítear saolta a shábháil agus fulaingt neamhriachtanach a chosc go han-luath le linn géarchéime.
Bhronn Éire €2 mhilliún ar CFE in 2023.
Bhronn Éire €2 mhilliún freisin ar chomhoibriú EDS le UNICEF chun Plean Gníomhaíochta Domhanda um Leanaí Seargtha na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.
UNESCO
Thacaigh Éire le Clár UNESCO: Ár gCearta, Ár Saolta, Ár dTodhchaí, ó 2018. Tá an clár sin anois ar an gclár oideachais chuimsithigh gnéis is mó san Afraic fho-Shahárach. Tá sé d’aidhm ag an gclár déagóirí agus daoine óga a chumasú. Leis an gclár, cuirtear ar a gcumas scileanna agus eolas a fhorbairt chun VEID a chosc, toircheas neamhbheartaithe i measc déagóirí a laghdú, agus deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe.
Gheall Éire tacú leis an gclár in 35 tír Afracach, agus €1.5 mhilliún arna cistiú aici in 2023.
Frontline AIDS
Tacaíonn Éire le Frontline AIDS, a bhí ar thús cadhnaíochta na heipidéime domhanda VEID/SEIF le beagnach 30 bliain anuas. Ina gcuid oibre, tá sé d’aidhm acu a chinntiú nach bhfaigheann daoine a bhfuil VEID orthu bás ó ghalair atá bainteach le SEIF agus nach mbíonn aon ionfhabhtú VEID nua i measc na ndaoine is imeallaithe. Mar gheall ar obair de chuid Frontline AIDS, cuidítear na bacainní atá roimh dhaoine imeallaithe a shárú.
Gheall Éire €300,000 a chistiú in 2023.
Dlúthpháirtíocht sláinte dhomhanda
Cistímid UNFPA agus EDS chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte gnéis agus atáirgthe na ndaoine a easáitíodh de dheasca an chogaidh san Úcráin.
I rith na paindéime COVID-19, d’oibríomar chun tacaíocht a chur ar fáil sa Bhrasaíl, san India, i Neipeal agus sa Liobáin. Áiríodh leis an gcúnamh sin trealamh agus soláthairtí leighis. Seachadadh an méid sin trí phráinnfhreagairt de chuid Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Oibrímid freisin le Rialtais i roinnt tíortha chun tacú le cláir sláinte náisiúnta eile. Tá cistiú á chur ar fáil againn don Rialtas sa Tansáin chun ceannach cógas agus trealaimh leighis a mhaoiniú le haghaidh 5,700 saoráid sláinte. Tacaímid le tógáil, athriochtú agus cóiriú thart ar 12 bhun-shaoráid sláinte gach bliain freisin. Leis na saoráidí sin, cinntítear go bhfuil seirbhísí cnáimhseacha éigeandála agus aireachais linbh nuabheirthe ardchaighdeáin ar fáil.
Comhpháirtíochtaí forbartha táirgí
Tá an tacaíocht a thugaimid d’fhorbairt cheannródaíoch vacsaíní, cógais agus feistí leighis nua mar pháirt lárnach den chur chuige a bhfuil againn maidir le sláinte. Baintear an méid sin amach trí chomhpháirtíochtaí forbartha táirgí le comhlachtaí neamhbhrabúsacha.
Comhghuaillíocht Eitinne
Tá eitinn ar an ngalar tógálach is coitinne ar domhan. Maraítear 1.8m de na daoine is boichte agus is imeallaithe gach bliain mar gheall ar eitinn. Treisíonn an Chomhghuaillíocht Eitinne líonra domhanda de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha chun taighde a dhéanamh ar dhrugaí eitinne. Forbraítear réimeanna teiripeacha eitinne nua, feabhsaithe agus inacmhainne. Cuirtear iad ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil siad ag teastáil uathu.
Sa bhliain 2023 chuir Éire €1 mhilliún ar fáil don Chomhghuaillíocht Eitinne.
Medicines for Malaria Venture
Tá beagnach leath de dhaonra an domhain i mbaol na maláire. Is iad na grúpaí is leochailí, amhail páistí óga san Afraic fho-Shahárach, is mó atá i mbaol. Tá sé d’aidhm ag Medicines for Malaria Venture (MMV) ualach na maláire a laghdú trí sheachadadh drugaí frithmhaláireacha nua, éifeachtacha agus inacmhainne a fhorbairt agus a éascú.
Sa bhliain 2023 chuir Éire €1 mhilliún ar fáil do MMV.
Comhpháirtíochtaí sa bhaile
Tá go leor le roinnt ag Éirinn maidir le córais sláinte a fhorbairt agus a fheabhsú. I gcomhthráth lenár bhforbairt idirnáisiúnta lasmuigh den tír, tá comhpháirtíochtaí seanbhunaithe sa bhaile againn.
Coláiste Ríoga na Máinlia
Thacaíomar le clár comhoibríoch Coláiste Ríoga na Máinlia (RCSI) le Coláiste na Máinlia de chuid Oirthear, Lár agus Deisceart na hAfraice (COSECSA) ó 2008. Bunaíodh COSECSA chun oideachas, oiliúint, caighdeáin, taighde agus cleachtas i gcúram máinliachta sa réigiún a neartú.
Chuireamar €500,000 de chistiú ar fáil in 2023.
Clár Sláinte Domhanda FSS
Tá sé d’aidhm ag Clár Sláinte Domhanda FSS feabhas a chur ar thorthaí sláinte i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Bhainfí an méid sin amach sa chlár trí fhoireann FFS agus gairmithe sláinte eile a chur i gcomhar le contrapháirtithe in 18 dtír.
Lean Éire de bheith ag tacú leis an gclár sa bhliain 2023, inar chuir sí €230,000 de chistiú ar fáil.
Líonra Sláinte Dhomhanda na hÉireann
Is líonra neamhspleách daoine a bhfuil baint acu le saincheisteanna sláinte i dtíortha ísealioncaim é Líonra Sláinte Dhomhanda na hÉireann (IGHN). Tá sé d’aidhm ag IGHN cumas rannpháirtíochta daoine agus institiúidí i sláinte dhomhanda a neartú. Le IGHN, tugtar ardán chun eolas, scileanna agus líonrú a mhéadú.
In 2023 chuir Éire €120,000 de chistiú ar fáil do IGHN.