Rialachas a threisiú
Tá an rialachas a threisiú ar cheann de phríomhspriocanna forbartha na hÉireann. Tá an daonlathas agus cearta an duine lárnach i gcroíluachanna na hÉireann.
Creideann Éire i sochaithe oscailte agus ionchuimsitheacha. Cabhraíonn ár gcuid oibre le próisis dhaonlathacha agus an smacht reachta a thógáil. Cuireann muid cearta an duine chun cinn agus cosnaímid iad. Spreagaimid le sochaí shibhialta atá láidir a chothú.
Is iad institiúidí ionchuimsitheacha polaitiúla agus eacnamaíocha bunús an fháis agus na cobhsaíochta.
Tá rialachas a neartú leabaithe ar fud ár gcláir fhorbartha. Is mar chuid den chaoi a n-oibrímid atá sé.
Creideann Éire i dtábhacht na sochaí sibhialta le rialtais a thabhairt chun cuntais. Déanfaimid beart de réir briathair maidir leis ag gcaoi a maoinímid agus ar an gcineál oibre a mhaoinímid. Tá Éire i measc thíortha ECFE a leithdháileann an cion is airde de chabhair dhéthaobhach don tsochaí shibhialta.
Tá príomhthosaíochtaí rialachais na hÉireann dírithe ar
Comhar idirnáisiúnta
Tá brú ollmhór ar phróiseas daonlathach agus ar institiúidí ar fud an domhain. Tá go leor tíortha a bhfuil prionsabail dhaonlathacha á gcleachtadh le fada acu ag titim siar.
Leanann ceannairí uathlathacha lena n-iarrachtaí a smacht a choinneáil nó a neartú.
Tá práinn curtha aige seo le comhar idirnáisiúnta maidir le dea-rialachas.
Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na mban agus na ndaoine óga i bpróisis pholaitiúla a mhéadú.
Tacaímid le hobair chun rialachas a neartú trí go leor tionscadal agus clár éagsúil. Áirítear tacaíocht a thabhairt do léasú toghchánaíochta a fhad le hiarrachtaí frithéillithe a chur chun cinn, leis an obair sin. Cuirimid oideachas sibhialta chun cinn. Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na mban agus na ndaoine óga i bpróisis pholaitiúla a mhéadú.
An tsochaí shibhialta
Tá spás na sochaí sibhialta ríthábhachtach don daonlathas. Oibríonn Éire ar fud a forbartha, agus trína rannpháirtíocht pholaitiúil agus taidhleoireachta, chun spás sibhialta a chur chun cinn. Áirítear leis sin obair i bhfóraim chearta an duine, sna Náisiúin Aontaithe agus san AE.
Tacaíonn Éire le Moladh Choiste Cúnaimh Forbartha an ECFE le déanaí maidir leis an tSochaí Shibhialta a Chumasú i gComhoibriú Forbartha agus i gCúnamh Daonnúil. Táimid ag obair chun an Moladh seo a chur i bhfeidhm ar fud ár gcláir fhorbartha.
Cuireann Éire maoiniú ar fáil d'eagraíochtaí a thacaíonn le spás na sochaí sibhialta. Sampla is ea ár gcomhpháirtíocht le Frontline Defenders chun tacaíocht a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine.
Ar leibhéal domhanda, leanaimid orainn ag tacú le hiarrachtaí chun an dea-rialachas a chur chun cinn. Mar shampla, leanann Éire de bheith ag plé leis an tionscnamh Daonlathais Fhoireann na hEorpa (TED). Comhpháirtíocht de 14 Bhallstát AE agus coimisiún an AE is ea TED. Tacaíonn sé le hobair ar chuntasacht agus ar riail an dlí, rannpháirtíocht pholaitiúil agus shibhialta.
Tá institiúidí cuntasachta agus ionracais láidre riachtanach do stáit dhaonlathacha. Cuireann siad maoirseacht bhreise ar fáil ar ár gcaiteachas ar chúnamh. Tacaímid le réimse comhpháirtithe atá ag obair sa réimse seo.
Bíonn stáit dhaonlathacha ag brath ar institiúidí láidre. Tá tacaíocht tugtha ag Éirinn d'eintitis amhail Fóram Riaracháin Cánach na hAfraice ar feadh i bhfad.
Cosc a chur ar sháruithe ar chearta an duine
Creideann Éire i ndeireadh a chur le sáruithe ar chearta an duine. Tacaíonn Éire go láidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine. Baineann sé seo lenár maoiniú agus lenár gcomhordú freisin i bpríomhfhóraim ar nós ag an gComhairle um Chearta an Duine.
Is guth iontaofa í Éire ar chúrsaí na sochaí sibhialta agus an daonlathais. Ardaímid na cúrsaí seo ar fud ár gcuid oibre taidhleoireachta agus forbartha. Ar an talamh, tugann muid an beart i gcrích san áit a bhfuil an gá is mó leis an obair seo.
Cearta uilíocha an duine
Tá cur chun cinn agus cosaint chearta uilíocha an duine mar chuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann. Cuirimid chun cinn agus cabhraímid le daoine agus le pobail a gcearta a bhaint amach trí:
- Rochtain ar oideachas, ar sheirbhísí sláinte, ar uisce glan, ar thithíocht agus ar rialachas níos fearr a chur ar fáil inár dtíortha comhpháirtíochta
- Institiúidí tíortha comhpháirtíochta, córais rialtais, parlaimintí, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, agus na meáin neamhspleácha a neartú
- A bheith ag tacú le comhpháirtithe na sochaí sibhialta a chuireann cláir forbartha i bhfeidhm le cur chuige bunaithe ar chearta
- A bheith ag tacú le rannpháirtíocht agus ionadaíocht daoine bochta i gcóras chearta an duine de chuid na NA, go háirithe laistigh den sásra um Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann.
- A bheith ag tacú le cosaint chosantóirí chearta an duine
- A bheith ag tacú le foréigean ar bhonn inscne a chosc.
- A bheith ag tacú le Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine
- A bheith ag tacú le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine dá dtionscnamh le hacmhainn an phobail a fhorbairt san Afraic
Léigh Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine
Foghlaim níos mó faoi Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, a threoraíonn ár gcur chun cinn chearta an duine ar fud an domhain.