Iad is faide ar gcúl ar dtús
Deirtear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe: “Geallaimid nach bhfágfar aon duine ina dhiaidh…. Agus déanfaimid ár ndícheall teagmháil a dhéanamh leo is faide ar gcúl ar dtús.”
Is é seo fráma uileghabhálach bheartas forbartha idirnáisiúnta na hÉireann, Domhan Níos Fearr.
Tagann a bheith ag díriú go soiléir ar na daoine is faide ar gcúl le croíluachanna na hÉireann. Tá siad seo fréamhaithe inár dtiomantas do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta. Léirítear iad in obair ar fud an domhain agus muid ag iarraidh domhan slán, cóir, cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach.
Ag cabhrú leis na daoine is boichte
Is fada a tugadh aitheantas do chlár forbartha na hÉireann mar gheall ar a fhócas ar ‘na daoine is boichte’. Is éabhlóid ar an gcoincheap seo ar go leor bealaí teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ar gcúl. Riarann sé ar dhul chun cinn tábhachtach maidir lenár dtuiscint ar bhochtaineacht, ar dhíothacht agus ar an bhforbairt. Tuigimid go bhfuil an bhochtaineacht ilghnéitheach agus go bhfuil sí ceangailte le réimsí eile míbhuntáiste. Tá an t-eisiamh sóisialta, ionchuimsiú diúltach agus an leochaileacht go léir nasctha leis an mbochtaineacht.
Tá 10%
de dhaonra an domhain ag maireachtáil faoi fhíorbhochtanas, laghdaithe ó 30% in 1990
Meastar go mbeidh 574 milliún
ag maireachtáil faoi fhíorbhochtanas faoi 2030
Is é an gealltanas gan aon duine a fhágáil inár ndiaidh agus teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ar gcúl ár n-uaillmhian bhunúsach. Cuirtear an coincheap i bhfeidhm ar fud obair forbartha na hÉireann.
Ná fágtar duine ar bith inár ndiaidh
Creidimid go mbíonn forbairt inbhuanaithe ach amháin nuair a bhíonn sí ionchuimsitheach. Tá Éire ag obair le tíortha ar aon intinn le cinntiú go mbeidh teagmháil déanta leo siúd is faide ar gcúl, i gcroílár na hoibre forbartha idirnáisiúnta ar fad.
An bhochtaineacht a laghdú
Tá Éire aitheanta le fada a bheith chun tosaigh ar laghdú na bochtaineachta.
Agus muid ag aithint go bhfuil an bhochtaineacht ilghnéitheacht, tá a fhios againn go bhfuil sí nasctha le cineálacha eile míbhuntáiste. Cuireann sé seo bonn eolais faoinár gcuid oibre forbartha go léir agus tá sé le feiceáil inár gceithre thosaíocht bheartais: gníomhú ar son na haeráide, rialachas a neartú, comhionannas inscne agus riachtanas daonnúil a laghdú.
Tá Éire tiomanta a bheith ag obair san áit a bhfuil an géarghá is mó ann agus leo siúd a bhfuil na riachtanais is mó acu.
Toscairí a théann i bhfeidhm orthu siúd is faide ar gcúl
Ar leibhéal domhanda, tá cosúlachtaí ann idir na daoine is faide ar gcúl. Cuireann siad seo bonn eolais faoi na saincheisteanna agus na tíreolaíochtaí a ndírímid orthu. Tá an fócas ar thíortha ísealioncaim spreagtha ag an bhfíorbhochtaineacht a bheith cruinnithe sna tíortha sin. Cuireann neamhionannais sheasmhacha inscne agus eisiamh daoine faoi mhíchumas le fíorbhochtaineacht, agus tugann siad údar le cuir chuige shonracha chun aghaidh a thabhairt orthu. *ní mór smaoineamh ar an líne seo – tá an iomarca ‘díriú ar’ sa téacs.
Creidimid nach gciallaíonn ‘iad is faide ar gcúl ar dtús’ iad siúd nach bhfuil is faide ar gcúl amháin. Rachaidh sé chun leasa daoine eile trí bheart a dhéanamh dóibh siúd is faide ar gcúl. Tá sé bunathraitheach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag na grúpaí seo agus iad a réiteach.