Scoileanna
Cuireann Cúnamh Éireann Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD) ar fáil trí réimse clár agus tacaíochtaí.
Tá na cláir seo oiriúnach do scoláirí ón mbunscoil go dtí an tríú leibhéal agus d'fhoghlaimeoirí san earnáil neamhfhoirmiúil. Tá acmhainní éagsúla OSD d'oideachasóirí agus d'fhoghlaimeoirí ar fáil ar developmenteducation.ie
Bunscoil
Oibríonn an Tionscadal DICE le hoideachasóirí múinteoirí agus le múinteoirí faoi oiliúint chun OSC a chomhtháthú ina gcuid teagaisc.
Tacaíonn Global Village le múinteoirí bunscoile chun cur ar chumas a gcuid scoláirí le héirí ina saoránaigh dhomhanda ghníomhacha.
Cuireann Gradaim Chúnamh Éireann Ár nDomhan ceachtanna, cluichí idirghníomhacha ar líne agus gníomhaíochtaí spraíúla ar fáil do scoláirí bunscoile sinsearacha chun foghlaim faoi obair Chúnamh Éireann agus na SDGanna.
Meánscoil
Tacaíonn Scoileanna Domhanda WorldWise le múinteoirí agus ceannairí scoile gné cheartais dhomhanda a chomhtháthú ina gcuid teagaisc agus foghlama trí ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim.
Tacaíonn Líonra Ubuntu le hOideachas Saoránachta Domhanda a chomhtháthú in oideachas tosaigh múinteoirí iar-bhunscoile.
Cuireann Ubuntu réimse acmhainní agus tacaíochtaí ar fáil d'oideachasóirí múinteoirí agus do mhúinteoirí réamhsheirbhíse in Éirinn. Déanann Cúnamh Éireann, i gcomhar le Self Help Africa, urraíocht ar an Duais ‘An Eolaíocht ar son na Forbartha’ ag Taispeántas Eolaí agus Teicneolaí Óg BT.
Bronnfar sparánacht chun taisteal ar chuairt tástála allamuigh chuig tír san Afraic ar na buaiteoirí.
Earnáil óige
Is é Youth 2030 an Clár Obair Óige Dhomhanda don Earnáil Óige. Tá sé mar aidhm ag Obair Óige Dhomhanda daoine óga a chumhachtú chun dul i ngleic le saincheisteanna ceartais shóisialta agus iniúchadh a dhéanamh ar a luachanna agus a naisc féin leis an domhan mór.