Coimirce shóisialach
Le coimirce shóisialach, cuirtear tacaíocht ioncaim, fostaíocht agus seirbhísí eile ar fáil do dhaoine leochaileacha. Is príomhuirlis í chun fíorbhochtaineacht agus neamhionannas a shárú.
Trí chuntasacht a chur chun cinn, le coimirce shóisialach neartaítear na ceangail idir daoine agus an stát.
An cineál coimirce sóisialaí is coitianta ná tacaíocht chomhchineáil agus ioncaim a thabhairt do theaghlaigh bhochta agus leochaileacha.
Tá rannchuidiú na hÉireann maidir le córais náisiúnta coimirce sóisialaí a fhorbairt i dtíortha ísealioncaim bunaithe ar thaithí. Cuireann Rialtas na hÉireann coimirce shóisialach ar fáil do bhreis agus dhá mhilliún de shaoránaigh na hÉireann.
D'ainneoin thábhacht na coimirce sóisialaí, níl aon rochtain ag leath de dhaonra an domhain uirthi. Ardaíonn an figiúr sin go 80% san Afraic.
Ní fhaigheann ach 5% de dhaoine i dtíortha ísealioncaim cúnamh airgid. An figiúr coibhéiseach i dtíortha ardioncaim ná 26%.
Tábhacht na coimirce sóisialaí sna SDGanna
Leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) dírítear ar dheireadh a chur le fíorbhochtaineacht agus cuidiú leo siúd is faide ar gcúl ar dtús. Tá coimirce shóisialach ríthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach.
Tá sí nasctha freisin le go leor SDGanna eile. Le coimirce shóisialach, cuidítear le slándáil bhia agus cothú a fheabhsú. Le coimirce shóisialach, trí acmhainní a thabhairt do dhaoine chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus infheistíocht a dhéanamh san oideachas, cuirtear comhtháthú sóisialta chun cinn trí mhíchothromaíochtaí a laghdú. Mar sin, tá sí ríthábhachtach do chumhachtú na mban.
Glacann Éire cur chuige cearta-bhunaithe ar choimirce shóisialach inár gcláir chomhoibrithe forbartha. Creidimid freisin go bhfuil sí ríthábhachtach i suíomhanna daonnúla, lena n-áirítear neartú athléimneachta in aghaidh suaitheadh tobann a tharla de bharr na haeráide nó coinbhleachta.
50%
Níl aon chineál coimirce sóisialaí ag 50% de dhaonra an domhain
80%
Níl rochtain ar bith ag 80% de dhaonra na hAfraice ar choimirce shóisialach
5%
Faigheann 5% de dhaoine i dtíortha ísealioncaim cúnamh airgid
Ag tacú le cláir choimirce sóisialaí
Caitheann Éire thart ar €15 – €20 milliún go bliantúil chun tacú le cláir choimirce sóisialaí ar fud an domhain.
Tugaimid tacaíocht dhíreach do choimirce shóisialach sna tíortha seo a leanas:
Cuireann Éire cúnamh airgid chun cinn i gcláir choimirce sóisialaí. Is amhlaidh an cás i suíomhanna daonnúla agus inár gcláir forbartha chomh maith.
Tugaimid tús áite do chláir lena gcuidítear le córais náisiúnta a neartú. Leis sin, cuidítear le córais choimirce sóisialaí inbhuanaithe a neartú nó a fheabhsú.
Clár Slándála Táirgiúla na hAetóipe
Tugann Éire tacaíocht fhad-téarmach do Chlár Slándála Táirgiúla na hAetóipe. Rinneadh an-chuid taighde ar bhuntáistí an chláir sin. Tá an méid seo a leanas i measc buntáistí na coimirce sóisialaí:
- Is féidir feabhas a chur ar shlándáil bhia agus ar chothú.
- Is bealach éifeachtach í coimirce shóisialach chun cúnamh daonnúil a thabhairt agus chun athléimneacht a neartú in aghaidh suaitheadh aeráide nó coinbhleachta.
- Tugann intuarthacht íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh in airgead tirim muinín do theaghlaigh feirmeoireachta leorchothaithí triail a bhaint as barraí agus cleachtais nua atá ríthábhachtach chun oiriúnú don athrú aeráide.
- Dí-dhreasaítear luath-phósadh le haistrithe airgid agus léiríodh go laghdaíonn siad foréigean inscnebhunaithe.
Braitear na buntáistí sin sna tíortha go léir ina gcuidíonn Éire le tacaíocht chomhchosúil a chur ar fáil.
Ag tacú le gníomhaireachtaí iltaobhacha sa réigiún
Bainistíonn líonra Ambasáide na hÉireann an chuid is mó dár gcuid infheistíochtaí sa réimse sin. Tacaímid le gníomhaireachtaí iltaobhacha freisin. Tá ról ríthábhachtach ag na gníomhaireachtaí sin san iarracht chun cláir choimirce sóisialaí a leathnú ar fud an domhain.
Tacaímid leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus UNICEF chun córais náisiúnta a neartú. Leis na gníomhaireachtaí sin, cuidítear freisin le cláir choimirce sóisialaí a oiriúnú níos fearr chun freagairt do shuaitheadh a bhaineann leis an aeráid nó le coinbhleacht.
Bíonn Éire i gcomhpháirt le hInstitiúid an Léinn Forbartha (IDS) sa Ríocht Aontaithe. Déanann an ghníomhaireacht sin taighde ar chuir chuige choimirce sóisialaí i gcomhthéacsanna éagsúla agus roinntear ceachtanna an taighde sin.
Bhí tionchar ag taighde IDS arna mhaoiniú ag Éirinn ar chur i bhfeidhm na coimirce sóisialaí i réigiúin choinbhleachta. Chuir an taighde fianaise ar fáil freisin maidir leis an gcaoi ar féidir le coimirce shóisialach feabhas a chur ar shlándáil bhia agus ar chomhionannas inscne.