Céard a dhéanaimid
Clár comhair forbartha de chuid Rialtas na hÉireann is ea Cúnamh Éireann. Oibríonn an clár le comhpháirtithe ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht, ocras agus riachtanas daonnúil i níos mó ná 130 tír.
Creideann Éire gur cheart domhan níos cothroime, níos síochánta agus níos inbhuanaithe a chruthú. Tacaímid le cláir forbartha fhadtéarmacha chun cabhrú le hathrú dearfach a dhéanamh do shaolta daoine ar fud an domhain. Maoinímid faoiseamh daonnúil freisin chun cabhair spriocdhírithe a sholáthar do dhaoine a bhfuil géarchéim acu.
Cuireann ár gcuid oibre leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus tá sé dírithe ar theagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ar gcúl ar dtús. Tá obair Chúnamh Éireann á treorú ag Domhan Níos Fearr, beartas na hÉireann um fhorbairt idirnáisiúnta.
Iad is faide ar gcúl ar dtús
Is fada a tugadh aitheantas do chlár forbartha na hÉireann mar gheall ar a fhócas ar ‘na daoine is boichte’. Creidimid go mbíonn forbairt inbhuanaithe ach amháin nuair a bhíonn sí ionchuimsitheach.
Comhionannas inscne
Creideann Éire i ndomhan ina bhfuil meas uilíoch ar chearta an duine. Tá a fhios againn nach féidir é seo a bhaint amach ach amháin trí chomhionannas inscne. Is é sin an fáth go bhfuil comhionannas inscne i gcroílár chomhoibriú forbartha na hÉireann.
An t-athrú aeráide
Téann an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar gach duine, ach ní ar an mbonn céanna. Oibrímid chun tacú le cuid de na daoine is leochailí ar domhan chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú.
Riachtanas daonnúil a laghdú
Is tosaíocht d'Éirinn é cúnamh tarrthála agus cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth orthu.
Rialachas a threisiú
Tá spás na sochaí sibhialta ríthábhachtach don daonlathas. Oibríonn Éire ar fud a forbartha, agus trína rannpháirtíocht pholaitiúil agus taidhleoireachta, chun spás sibhialta a chur chun cinn.
Bia agus cothú
Tá an ceart ar bhia agus cothú leordhóthanach ar cheann de na cinn is bunúsaí de gach ceart daonna. Tá an troid in aghaidh an ocrais lárnach d'obair Chúnamh Éireann ar fad.
Sláinte
Is ceart daonna bunúsach í an tsláinte. Creideann Éire nach mór infheistiú i ndea-shláinte chun bochtaineacht a laghdú.
Oideachas
Is ceart daonna é an t-oideachas. Tá sé riachtanach d’fholláine an duine, d’fhorbairt inbhuanaithe agus do chomhtháthú sóisialta.
Coimirce shóisialach
Le coimirce shóisialach, cuirtear tacaíocht ioncaim, fostaíocht agus seirbhísí eile ar fáil do dhaoine leochaileacha.
Síocháin agus cobhsaíocht
Tá rannpháirtíocht na hÉireann i réiteach coinbhleachtaí agus i gcothú na síochána fothaithe inár gcuid taithí féin.
Oideachas saoránachta domhanda
Cuireann Cúnamh Éireann Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD) ar fáil trí réimse clár agus tacaíochtaí.
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Is treochlár iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) chun domhan níos fearr a chruthú. Tugann siad aghaidh ar an iliomad cúiseanna a bhaineann le bochtaineacht, éagóir agus dochar dár bpláinéad.